‘Socrú liombó’: Brú le haghaidh dara reifreann Breatimeachta
Is í teorainn na hÉireann an bhacainn is mó fós don chomhréiteach roimh mhí an Mhárta seo chugainn
D’fhéadfadh an brú le haghaidh reifreann eile sa Ríocht Aontaithe ar an mBreatimeacht fás má eascraíonn idirthréimhse as comhréiteach ,a chreideann oifigigh Rialtas na hÉireann.
Bhí tuilleadh cainteanna ar siúl in Downing Street inné, agus is í teorainn na hÉireann an bhacainn is mó fós don chomhréiteach roimh mhí an Mhárta seo chugainn.
Ach creideann roinnt oifigeach as Rialtas na hÉireann go bhféadfadh ‘socrú liombó’, a d’fhágfadh an scéal idir dhá cheann na meá agus cainteanna beartaithe amach sa bhliain in 2019 agus fiú in 2020, cabhrú leo siúd atá ag iarraidh go reáchtálfaí an dara reifreann sa Ríocht Aontaithe.
Agus léirigh an phobalbhreith is mó dá leithéid go roghnódh an Ríocht Aontaithe Fanacht san Aontas Eorpach (AE) dá mbeadh vóta eile ann.
Dúirt 54% den phobal go bhfanfaidís san AE dá reáchtálfaí reifreann 2016 amárach – nuair a cuireadh iad siúd a dhiúltaigh vótáil nó a d’fhreagair “níl a fhios agam” as an áireamh.
Chuir Survation agus Channel 4 20,000 duine faoi agallamh ar líne ar fud na Ríochta Aontaithe ón 20 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain sa phobalbhreith neamhspleách is mó riamh ar an mBreatimeacht.
Dúirt 35% díobh siúd gur cheart don Bhreatain fanacht san AE i gcás nach gcinntear comhréiteach, agus dúirt beagnach an méid céanna – 36% – gur cheart don Ríocht Aontaithe fágáil mura socraítear comhréiteach. Níor chreid ach 19% gur cheart moill a chur ar an mBreatimeacht chun níos mó am idirbheartaíochta a chur ar fáil.
Is cosúil nach bhfuil mórán measa ag an bpobal ar an idirbheartaíocht go dtí seo.
Iarradh ar an lucht vótála: “Ón méid a
a chonaic tú nó a chuala tú go dtí seo, dá mbeadh vóta amárach ar an gcineál socrú Breatimeachta atá Rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh a fháil ón Aontas Eorpach, cén vóta a chaithfeá?”
Ní dúirt ach 26% go nglacfaidís leis an socrú, agus dúirt 33% go ndiúltóidís dó. Dúirt 34%: “Níl a fhios agam”.
Ní cosúil go bhfuil imní ar dhaoine ar fud na Breataine faoin bhféidearthacht go n-eascródh Éire Aontaithe nó Albain neamhspleách as an mBreatimeacht.
Dúirt 44% go raibh siad buartha faoin Tuaisceart ag fágáil na Ríochta Aontaithe, ach dúirt thart ar an méid céanna – 42% – nach bhfuil siad buartha. Maidir le hAlbain, dúirt an méid céanna daoine go bhfuil
siad buartha agus nach bhfuil siad buartha faoi neamhspleáchas.
“Tá tacaíocht ag fás sa Bhreatain don taobh ‘Fanacht’ agus measaimid go bhfásfaidh sé sin tuilleadh an bhliain seo
chugainn,” a dúirt oifigeach amháin i Rialtas Bhaile Átha Cliath.
“Tá an brú le haghaidh an dara reifreann ag fás agus creidimid gur mó seans ná riamh go dtarlóidh sé.”