Irish Independent - Seachtain

Deinim amach gur labhair m’athair le gach duine a chuaigh riamh go dtí an tOireachta­s!

- DÁITHÍ Ó SÉ

Aon uair go ndeinim cinneadh gan dul go dtí an tOireachta­s tarlaíonn sé! Dheineas cinneadh fanacht sa bhaile agus gan dul go Cill Airne. Bhíos ag caint le cairde liom le cúpla seachtain anuas agus bhí a bhformhór acu ag dul, ach chun an fhírinne a rá nuair a bhíonn tú ar an mbóthar an tseachtain ar fad bíonn sé deacair tabhairt fé aríst.

Anois tá bean sa bhaile a deireann liom dul ann agus tuigeann sí an tábhacht a bhaineann leis agus tuigeann sí chomh maith go raibh dlúthbhain­t ag m’athair leis.

Nuair a bhíomar óg ní raibh a leithéid do rud agus Mam agus Daid ag dul in aon áit don ndeireadh seachtaine agus ní cuimhin liom iad riamh ag dul ar saoire, ach bhí oíche nó dhó i gcónaí ag m’athair ag an Oireachtas.

Bhíodh sé ins na Gaeltachta­í an uair sin ach anois tá sé fachta chomh mór go gcaithfidh sé a bheith i mbaile mór. Bhíodh m’athair ag canadh ins na comórtais agus b’in an leithscéal a bhí aige!

Ní na comórtais a bhíodh ag cur isteach ar m’athair ach na daoine a bhí ag dul ann. Deinim amach gur labhair m’athair le gach duine a chuaigh riamh ann! Is mó duine a dúirt liom go mbeidís ag fanacht le Maidhc Dainín agus a bhosca dearg agus ná bead an tOireachta­s tosnaithe i gceart dóibh go dtí go seinnfeadh sé.

Mícheál De Mórdha agus Páidí Mhárthain a bhíodh ina theannta i gcónaí agus níl aon dabht ach go n-óladar ceann nó dhó do ag an ndeireadh seachtaine!

Sea bhí cinneadh déanta agam gan dul agus an chéad rud eile chuala Comórtas na mBan ar an raidió agus mé ag tiomáint abhaile tráthnóna agus tharla sé aríst. An mothú sin go rabhas ag cailliúint amach. An mothú sin go bhfuil rud éigin mícheart déanta agam. Bhí go breá go dtí Dé Sathairn. Bhí an chúlchisti­n le péinteáil, mar seo an deireadh seachtaine deireanach go bhfuilim saor agus tá na Poncánaigh ag teacht i gcomhair na Nollag.

Bhíos thíos ar mo dhá ghlúin ag péinteáil agus bhí an rince ar an sean-nós ar an dteilifís agus nach mór thosnaíos ag gol! Sé tráthnóna Dé Sathairn an chuid is fearr liom riamh ag an ócáid, craic mhaith timpeall na háite agus seanchaird­e ag teacht le chéile. Ó Mhuire cad a bhí déanta agam! Bhíos réidh le léimt isteach sa charr agus tabhairt fén Ríocht, ach níor dheineas!

Seo an bhliain dheireanac­h go mbeidh an scéal seo agam daoibh, táim ag clárú isteach anois don mbliain seo chughainn agus sin a bhfuil!

 ??  ?? Craic: Chaill Dáithí amach i mbliana. PIC: SEÁN Ó MAINNÍN
Craic: Chaill Dáithí amach i mbliana. PIC: SEÁN Ó MAINNÍN
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland