‘Gaeil na Ríochta Aontaithe’ sa spotsolas i sraith nua TG4
Beidh iriseoir Nuacht TG4 Seán Mac an tSíthigh ag tabhairt a aghaidh soir sna seachtainí amach romhainn i sraith nua faoi eisimircigh na hÉireann sa Bhreatain a bheidh á craoladh ar an staisiún.
Díríonn ‘Gaeil UK’ ar na heisimircigh nua chun na Breataine agus iadsan atá seanbhunaithe thar toinn.
Beidh cuairt á tabhairt ag fear Chorca Dhuibhne, a roghnaíodh mar an t-iriseoir is fearr ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais le déanaí, ar Londain, Birminghan agus lár na tíre, Leeds, Learpholl agus Huddersfield agus Albain.
“Níl idir an dá oileán, Éire agus an Bhreatain, ach beagán le cois 60 míle farraige, ach tá stair chasta eadrainn mar dhaoine,” arsa Seán.
“Tá os cionn sé mhilliún duine sa Bhreatain inniu a mhaíonn gurbh as Éirinn a n-athair críonna nó a máthair chríonna agus tá os cionn leathmhilliún duine a rugadh in Éirinn ag cur fúthu sa Bhreatain faoi láthair.”