Irish Independent - Seachtain

DÁITHÍ Ó SÉ: MO CHARA, GARETH O’CALLAGHAN – NÍOS BEO NÁ RIAMH!

(Scoileanna T1 agus T2 an dara/an tríú bliain)

-

Baile is ea An Grá go ngabhann tú thairis ar do thuras.

Ar an mám duit chíonn tú thíos uait é le hais le loch sáile –

an caidéal glas ar an gcrosbhóth­ar taobh thuas dó,

na páirceanna is na garraithe thart air i mbarróga na bhfallaí cloch dá bhfáscadh,

oifig an phoist go mbíonn muintir na háite istigh ann i mbun gnó agus ag cadráil,

an dá thigh tábhairne ar aghaidh a chéile amach beagnach go mbíonn ceol i gceann acu oíche Shathairn is sa cheann eile ar an nDomhnach, de ghnáth.

Áit is ea An Grá ná fuil ar léarscáile­anna turasóirí, go ngabhann tú thairis ar d’aistear is a fhágann bolaithe na feamainne id pholláirí.

• Meafar is ea comparáid idir dhá choincheap chun íomhá láidir a chur in iúl.

• Íomhá is ea pictiúr a chruthaíon­n an file i do cheann agus tú ag léamh dáin. Anailís ar an dán: Is dán meafarach é An Grá ina gcuireann an file íomhánna láidre os ár gcomhair. Is meafar é an baile don ghrá. Samhlaíonn an file gur turas é an saol agus go dtéann gach duine chuig baile an ghrá, is é sin, go dtiteann gach duine i ngrá uair amháin ar a laghad ina shaol.

Léiríonn an file gur turas lán le cinntí atá sa saol. Bíonn cosáin romhainn agus bíonn orainn cinneadh a ghlacadh dul ar bhóthar amháin nó ar bhóthar eile. Is léir ó na híomhánna sa chéad chúpla líne gur áit an-tarraingte­ach agus álainn atá sa bhaile seo atá mar thearmann i lár na sléibhte.

Tá an cur síos a dhéanann an file ar bhaile an ghrá an-álainn go deo. Nuair a chuimhními­d ar an ngrá, ritheann smaointe deasa linn agus tagann íomhánna áille chugainn mar atá sa dán seo. Tugann an caidéal ag an gcrosbhóth­ar uisce dúinn, bunriachta­nas na beatha. Is léir go bhfuil bóthar fada i gceist chun dul chuig baile an ghrá agus bheadh gá le cothú. Is fada an saol é, mar sin, gan blaiseadh den ghrá.

Sa chéad chuid eile, tá gach rud i dtiúin lena chéile, na ballaí ag tacú leis na páirceanna go grámhar chun iad a choinneáil slán sábháilte. Is léir gur áit fhíordheas atá ann agus go bhfuil gach duine an-chairdiúil- ‘ag cadráil’ le chéile in oifig an phoist agus ag seinm ceoil gach deireadh seachtaine sa ‘dá thigh tabhairne’. Deir an file gur áit í seo nach bhfuil ar léarscáil. Mar sin, ní féidir leat teacht ar an áit fhisiciúil seo, is eispéireas é a bhíonn ag duine ina chroí istigh. Ní féidir leat breith ar an ngrá, mothaíonn tú é. Ní féidir leat siúl chomh fada leis an ngrá mar ní rud é, is eispéireas agus mothúchán é.

Cuireann an dá líne dheireanac­ha den dán muid ar ár suaimhneas. Is léir gur fhág a thuras go baile an ghrá lorg ar an bhfile. Ní dhéanfaidh sé dearmad ar an ngrá. Samhlaíonn an file boladh úr na feamainne ina pholláirí agus is boladh deas é. In agallamh leis, dúirt Colm Breathnach go bhfanann ‘braistint an ghrá leat i gcónaí pé acu atá tú i ngrá fós nó nach bhfuil’. Mar sin, is deireadh sásúil é a leagann béim ar chumhacht agus ar thábhacht an ghrá sa saol.

Príomhphoi­ntí an dáin seo:

· Is dán faoin saol é seo. Is meafar é an baile don ghrá agus is meafar é an turas don saol. Deir an file sa dán seo go dtiteann gach duine i ngrá uair amháin, ar a laghad, ina saol.

· Léiríonn an file an grá go hidéalach sa dán seo mar áit atá foirfe, gan locht ná smál.

· Ag deireadh an dáin, léiríonn an file go bhfanann blaiseadh an ghrá leat ar feadh do shaoil, is cuma má bhog tú ar aghaidh ón gcaidreamh. Sin is grá ann.

Gníomhaíoc­htaí cruthaithe­acha:

1. Lig ort gur tusa an file. Scríobh litir chuig do ghrá geal i mBaile an Ghrá agus tú ar do bhealach chun cuairt a thabhairt uirthi. 2. Samhlaigh gur grá geal an fhile thú. Scríobh cuntas dialainne faoi na mothúcháin atá agat don fhile.

3. Scríobh freagairt phearsanta don dán seo. Cad a cheap tú den dán? Cad a mhothaigh tú agus an dán á léamh agat? Ar chuir an dán daoine áirithe i gcuimhne duit?

4. Labhair le cara sa rang faoi na mothúcháin a músclaíodh ionat agus tú ag léamh an dáin seo. Ar mhothaigh sibh mothúcháin dhifriúla?

Rugadh Colm Bhreathnac­h sa bhliain 1961 i gCo. Chorcaí. Bhain sé céim MA amach sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. D’oibrigh sé mar aistritheo­ir (translator) ar feadh na mblianta. Is scríbhneoi­r, file agus eagarthóir lán-aimseartha anois é a bhfuil an lán duaiseanna litríochta buaite aige.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland