DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: CUMHA
An bhfuil muid chun athdhéanamh a dhéanamh ar na nóchaidí go deo?
D’fhógair na Spice Girls an tseachtain seo caite go bhfuil siad ag athghrúpáil le haghaidh camchuairt eile, agus is iad an deichiú banna ar a laghad chun é seo a fhógairt i mbliana.
Tá an “Playstation Classic” (athchruthú ar an gcéad Playstation agus na cluichí cáiliúla go léir) beartaithe mar cheann de na bronntanais is mó don Nollaig agus tá muid ar fad fós ag caint faoi Bosco. Ba cheart dúinn ár gcóras nodaireachta féilire a athrú ionas go dtéann muid ar ais go dtí 1990 gach deich mbliana agus go n-oibreoimis ár mbealach ar aghaidh uaidh sin.
Ní hin le rá gur droch-rud amach is amach é, ach cad a dhéanfaimid le haghaidh cumha i gceann fiche bliain? Beidh muid cumhach faoin gcumha is dócha.
DROCHSHEACHTAIN: DOMHAIN NA GEANDÁLA
Le teacht ar rogha ollmhór aipeanna chun bualadh le daoine ar líne, deir roinnt go bhfuil an margadh caidrimh agus gnéasachta plúchta.
Tá gach duine ag dul amach le fiche duine ag an am céanna. Sé an gearán a chloisim anois ná go bhfuil an iomarca roghanna ann. Tuigim. Má bhíonn an iomarca roghanna ag bialann, bíonn orm pingin a chaitheamh chun cinneadh a dhéanamh.
Pé cúis atá leis, tá rudaí chomh dona sin go bhfuil milliúnaí darb anim Jane Park ag tairiscint liúntais de sheasca míle punt sa bhliain do bhuachaillí féideartha chun an post seo a líonadh di.
Bhuaigh Jane milliún punt steirling nuair a bhí sí 17 mbliana d’aois agus anois ag 23 bliana d’aois tá an oiread sin frustrachais uirthi go bhfuil an plean seo i bhfeidhm aici. Hé, uaireanta caithfidh tú íoc chun an t-iarrthóir is fearr a mhealladh.