Fáilte go heagrán na seachtaine seo de Réidh le Plé!
San eagrán seo beimid ag féachaint ar dhán atá ar an gcúrsa don tSraith Shóisearach do scoileanna T1 agus scoileanna T2 sa dara/tríú bliain, An Grá le Colm Breathnach. Beidh roinnt ceisteanna agus gníomhaíochtaí againn duit, ag baint leis an anailís ar an dán spleodrach seo. Anuas air sin uile, beimid ag féachaint ar ábhar tráthúil do lucht na hArdteiste: Toghchán na hUachtaránachta. Is ábhar é seo a d’fhéadfadh teacht aníos sa scrúdú cainte, ar Pháipéar a hAon, sna léamhthuiscintí agus sa chluastuiscint.
Tá súil againn go bhfuil tú réidh leis na hábhair spreagúla seo a phlé le do chomhscoláirí!
Lydia agus Shane