Dornálaithe den scoth
Bhí cúis cheiliúrtha ag Michael
Conlon nuair a bhuaigh sé a chomhrac in Las Vegas le déanaí. Ba sa seachtú babhta a stopadh an troid agus a fógraíodh gurbh é Conlon an buaiteoir.
Bhí sé ag troid i gcoinne Nicola Cipolletta. Is as an Iodáil do Cipolletta. Ní mó ná sásta a bhí an tIodálach nuair a stop an réiteoir an troid. Seo an 9ú troid atá buaite ag Conlon.
11 as 11 – sin líon na dtroideanna atá buaite ag Katie Taylor ó thosaigh sí ag dornálaíocht go proifisiúnta. Throid Cindy Serrano, arb as Pórtó Ríce di, in aghaidh Katie in airéine TD Garden i mBostún. Beidh Katie ag troid arís i mí na Nollag. Go n-éirí léi!