Bleaist Eolaíochta!
Beidh an chéad Bhleaist Eolaíochta riamh á cur i láthair ag an RDS i rith na bliana 2019 agus é ar cheann de na himeachtaí is mó dá leithéid in áit ar bith ar domhan. Beidh suas le 13,000 dalta bunscoile as gach cuid d’Éirinn á spreagadh chun cruthaitheachta trí mheán scileanna STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic). Le naoi mbliana anuas, tá Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) ag eagrú agus ag tabhairt urraíochta d’Aonach Eolaíochta an RDS do Bhunscoileanna. Clár oideachais san eolaíocht is ea é, a bhíodh á reachtáil in éineacht le Taispeántas Eolaí Óg BT, ach atá anois á reachtáil ag an RDS amháin. Gach bliain, sáraíonn an t-éileamh ar áiteanna an soláthar. D’fhonn freastal ar an éileamh mór seo ag leibhéal na bunscoile, beidh dhá oiread an méid spáis a bhíodh ag Aonach Eolaíochta Bunscoile an RDS ar fáil don Bhleaist Eolaíochta an bhliain seo chugainn. Beidh trí cinn de sheónna mórshuntais ar siúl mar chuid den Bhleaist Eolaíochta in áiteanna éagsúla timpeall na tíre in 2019. Beidh na seónna sin ar siúl i mBaile Átha Cliath, Luimneach agus Béal Feirste. Fágfaidh an spás breise ar fad a bheidh ar fáil san RDS go mbeidh na céadta scoileanna breise ábalta a bheith páirteach ann.
Ceantar gaelscoile
Is iomaí duine ó na Gaelscoileanna a ghlac páirt san aonach eolaíochta san RDS le blianta anuas agus, mar sin, is mian le lucht eagraithe na Bleaiste ‘ceantar gaelscoile’ a bhunú. Sa cheantar sin, beidh an obair fiosrúcháin atá ar bun trí mheán na Gaeilge ag scoileanna na tíre á léiriú le hais a chéile. Féachfaidh an RDS chuige freisin go mbeidh dóthain moltóirí ar fáil chun labhairt i nGaeilge leis an rang faoin obair a rinne siad. Ní comórtas iomaíoch atá i gceist leis seo – is amhlaidh go ndéanfaidh na moltóirí gach tionscadal a mheas agus tabharfaidh siad comhairle don rang. D’fhonn cuidiú le scoileanna a bheith páirteach sna himeachtaí, tá ciste taistil á sholáthar ag an RDS trína gcuirfear €75 / £75 (TÉ) ar fáil do gach scoil a ghlacann páirt. Tar éis dul i gcomhar le múinteoirí, roghnaíodh dátaí a oireann go maith d’fhéilire na bunscoile i mí an Mhárta (Baile Átha Cliath), mí na Bealtaine (Luimneach) agus mí an Mheithimh (Béal Feirste). Beidh seónna siamsaíochta bunaithe ar théamaí STEM á gcur ar siúl i ngach ionad freisin. Beidh lón inspioráide mar chuid de na seónna sin chomh maith le hábhar spraoi agus iad cóirithe go speisialta do lucht féachana bunscoile. Ní mór don rang a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa Bhleaist Eolaíochta clárú faoin 21 Samhain 2018. Táthar ag tnúth le sibh a fheiceáil i rith na bliana 2019.