Post mór pleanála teanga d’fhear RTÉ
Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta gurb é ceannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac an Iomaire as Conamara, atá le ceapadh ina stiúrthóir ar an bpleanáil teanga don ghníomhaireacht forbartha Gaeltachta.
Tá fás agus forbairt tagtha ar sheirbhísí Gaeilge RTÉ le linn ré Rónáin i mbun a stiúrach. Tá níos mó cláir Ghaeilge ar na cainéil teilifíse agus raidió ná mar a bhí le blianta fada agus forbairt shuntasach déanta ar an suíomh idirlín.
Fógraíodh roinnt ceapacháin eile freisin san earnáil pleanála teanga nó tá Rósaí Nic Cárthaigh le dul i mbun na hoibre i nGaeltacht Mhúscraí agus is é Irial Ó Ceallaigh atá ceaptha i nGaeltacht na nDéise.