Irish Independent - Seachtain

‘Ionsaíodh mé gan choinne gan chúis’ - Eoghan 2FM

-

Tá ardú 32% tagtha ar ionsaithe pearsanta gan choinne ó 2013 dar leis na Gardaí Síochána.

Bhí sé sin ar cheann de na fíricí scanrúla a thug réalta 2FM Eoghan McDermott chun solais i gclár faisnéise ar TG4 le déanaí.

Chuir Eoghan an clár i láthair de bharr go ndearnadh ionsaí fíochmhar gan choinne air siúd tuairim is 18 mí ó shin i mBaile Átha Cliath. Ní féidir leis boladh ná blaiseadh d’aon rud ó shin.

“Sucker punch” a thug Eoghan ar an mbuille a d’fhág gan aithne gan urlabhra é.

Labhair sé freisin le bean a tháinig ar an láthair tar éis an ionsaí. Chonaic an bhean seo Eoghan ag gabháil thar an bhfuinneog den bhialann ina raibh sí. Chuala sí torann cúpla soicind ina dhiaidh sin agus chuaigh amach agus fuair Eoghan ar an talamh.

Sa chlár ‘Tabú’ chas Eoghan le daoine eile ar tharla ionsaithe mar seo dóibh. Bhí fear óg amháin, Shane Grogan, fágtha beo ar éigean tar éis ionsaí a rinneadh air i dTuaim in 2012. Fear ab ea Shane a raibh gealladh mór faoi ach anois tá sé faoi chúram teach altranais mar gheall ar an ionsaí a rinneadh air. Buaileadh ar chúl a chinn é le bríce agus anois ní féidir leis cumarsáid a dhéanamh lena mhuintir.

I scéal eile a pléadh ar an gclár, rinneadh trácht ar fhear óg a fuair bás de bharr na gortuithe a fuair sé i rith ionsaí.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland