Irish Independent - Seachtain

Ceardlann ag Ciara i Múscraí

-

Tá an file Ciara Ní É le bheith i nGaeltacht Mhúscraí amárach (Déardaoin) chun ceardlanna a dhéanamh le daltaí meánscoile sa cheantar Corcaíoch.

Tá clú agus cáil ar Chiara as ucht a cuid filíochta agus as REIC a eagrú, ócáid rialta ag a mbíonn filí ag aithris a gcuid dánta go poiblí.

Thug Dámhscoil Mhúscraí, cúirt filíochta de réir an tseantraid­isiúin Bhardaigh, cuireadh do Chiara a bheith ag roinnt a taithí agus a scileanna le daltaí i gColáiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne agus Scoil Mhuire i mBéal Átha an Ghaorthaid­h.

Beidh Reic Mhúscraí ar bun oíche Déardaoin i siopa leabhar áitiúil, Gadaí Dubh Books, agus súil le slua i láthair.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland