Irish Independent - Seachtain

Mo chara, Gareth: níos beo ná riamh!

- DÁITHÍ Ó SÉ

Tá aithne againn ar Gareth O’Callaghan le fada agus tá an drochscéal a tháinig chuige cloiste againn ar fad fén dtráth seo. Tá MSA nó Multiple System Atrophy air agus níl aon

leigheas air seo agus é mar a dúirt sé liom ag féachaint isteach i mbéal a bháis fhéin!

Is ró-mhinic a bhí Gareth beo ar an aer le 40 bliain ach na laethanta seo tá sé níos beo ná riamh. Níl a fhios aige an méid ama atá aige ach pé méid é beidh sé ann gach nóiméad, so rud nár dhein sé ach le déanaí.

Tá aithne agam air le fada mar go mbíodh an bheirt againn mar Ambasadóir­í le Make a Wish agus ag ócáidí le chéile go minic.

Oíche amháin bhí an bheirt againn ag fáil gradaim as an méid a bhí déanta againn agus bhí an scéal seo

dearúdta agam. Bhí cúpla deoch ag Gareth agus mé fhéin roimh ré agus cheap an duine a bhí i gceannas go raibh an bheirt againn ar meisce agus thug sí dhá chupán caife dúinn.

Thosnaigh Gareth ag gáire agus bhailigh sé leis agus tháinig sé ar ais le dhá chupán lán le fíon dúinn! Bhí an oiread gáire á dhéanamh againn fé seo gur cheap gach éinne eile go raibh braon maith fén bhfiacail againn. Pé scéal é, sin mar a lean an oíche, an bheirt againn ag gáire.

Is iontach an rud é an bás chun d’aigne a dhíriú a deir sé liom agus é ag leanúint ar aghaidh leis an gcomhrá. Theastaigh uaim fáil amach an bhfuil sé ag déileáil leis seo nó an seó do shórt éigin é seo agus im chroí istigh ní seó atá ann leis. Tá sé ana-shocair ann fhéin agus is minic ná raibh síos trí na blianta agus déarfaidh sé fhéin leat é seo. Deir sé fhéin ná raibh sé riamh chomh láidir leis seo.

Níl a fhios agam an mbeadh an láidreacht seo agam fhéin. Dá mbeinn ag féachaint isteach sa bhéal céanna an mbeinn in ann tabhairt fé mar atá Gareth?

Tá rud éigin le foghlaim againn ó Gareth agus sin sult a bhaint as na rudaí beaga agus ar shlí bhí sé seo sa cheann agam le tamall.

Nuair a bhím ag siúl anois seachas é a dhéanamh chomh tapa, tógaim mo chuid ama agus bím ag féachaint timpeall orm fhéin agus níl a fhios ag éinne cé chomh maith is atá sé sin dom cheann!

Tá cónaí ar Gareth i gCorcaigh na laethanta seo agus táim ag bualadh leis i gcomhair deoch nó dhó agus ní bheidh orainn iad a chur i bhfolach i gcupáin caife an uair seo!

 ??  ?? Drochscéal: Gareth O’Callaghan a bhfuil MSA ag gabháil dó
Drochscéal: Gareth O’Callaghan a bhfuil MSA ag gabháil dó
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland