BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Thuas seal, thíos seal, a deirtear. Chaithfeadh sé go bhfuil José Mourinho ag mothú nach bhfaigheann sé mórán deise sult a bhaint as an thuas seal na laethanta seo.
Tar éis a mbua in aghaidh Juventus, chuir Manchester City múineadh orthu Dé Domhnaigh. Ní raibh aon chuma ar United go raibh siad ábalta an cluiche a thabhairt leo, agus níl aon chuma orthu ach oiread go mbeidh siad ábalta aon dul chun cinn a dhéanamh sa bPríomhshraith.
Comhartha eile é seo d’fhoirne ar fud na Príomhshraithe go gcaithfear pleanáil chuí a dhéanamh don todhchaí, is cuma cé chomh maith agus atá ag éirí leo.
Níor shamhlaigh mórán go mbeadh Manchester United fós le sruth, ó d’éirigh Alex Ferguson as in 2013.
Níl mórán maitheasa i mbainisteoir iontach mura bhfuil creatlach leagtha amach don té atá ag teacht ina dhiaidh, rud nach raibh déanta do David Moyes. Níor tháinig siad ar ais acu féin ó shin, in ainneoin airgead mór a bheith caite acu.
Ní féidir spiorad a cheannacht, ná a chruthú, agus is ceacht daor é sin atá á fhoghlaim ag Old Trafford faoi láthair.