Irish Independent - Seachtain

AN BHFUIL SÉ IN AM DOM DUL AR AIS AR AN GCOLÁISTE

- DÁITHÍ Ó SÉ

Is minic mé ar shuíomh idirlín mo Alma Mater Coláiste Mhuire gan Smál i Luimneach ag féachaint ar na cúrsaí ar fad atá ann agus ná raibh ann nuair a bhíos ann. Beidh mé imithe as fiche bliain an bhliain seo chugainn.

Táim ag cuimhneamh an bhfuil sé in am dul ar ais? Bhínn ag tógaint an bhus go Corcaigh roinnt blianta ó shin agus théadh sé trí Chathair Luimnigh agus bhíos in ann Coláiste Mhuire Gan Smál a fheiscint agus is anseo a chuireas é seo ar fad isteach im’ cheann!

Bhíos ag caint le cara liom a chuaigh ar ais ag déanamh cúrsaí agus mhol sé seo dom gan é a dhéanamh nuair atá páistí sa tig. Dúirt sé go bhfuair sé an rud ar fad ró-chruaidh! Post lánaimsear­tha, leanaí agus cúrsa ollscoile, ní théann siad le chéile a dúirt sé liom! Agus an ceart aige is dócha, ach tá rud éigin istigh ionam agus ní féidir liom é seo a chur díom.

Theastaigh uaim é a dhéanamh nuair a chríochnaí­os mo chéim ach bhí fonn níos mó orm dul amach ag obair ag déanamh airgid, ar nós stumpa amadáin! Tá sé i bhfad níos fusa na cúrsaí sin a dhéanamh ag an bpointe sin de do shaol ach ní raibh aon chaint liom ag uair sin!

Cad iad na ceisteanna mar sin a chaithfidh mé a chur orm fhéin? Tá céim sa Stair agus sa Ghaelainn agam, an rachaidh mé céim níos faide leis seo? Nó an rachaidh mé síos bóthar eile?

Tá ana-shuim agam sa tsíceolaío­cht. Deinim ana-chuid de seo ar shlí sa phost atá agam i láthair na huaire agus taithníonn sé go mór liom. Nuair a bheidh na ceisteanna sin in ord agam tá beart mór ceisteanna eile romhaim aríst. Ag dul ar ais go mo sheanchara, an mbeidh an t-am agam é seo a dhéanamh? Níl puinn ama le spáráil agam na laethanta seo mar sin caithfidh rud éigin géilleadh.

Níl faic le déanamh ach am a dhéanamh dó seo, má tá rud éigin mar seo uait agus tá sé uaim caithfear treabhadh ar aghaidh agus a bheith cinnte go dtarlódh sé.

Leis seo ar fad im’ cheann fuaireas glaoch ó Eugene Wall, Uachtarán Choláiste Mhuire Gan Smál, ag rá go rabhadar ag bronnadh gradam Alumni orm as ucht na hoibre teilifíse atá déanta agam le fiche bliain. Níor fuaireas aon rud mar seo riamh agus baineadh sórt geit asam nuair a fuaireas an glaoch. Bhíos sórt bródúil asam fhéin chun an fhírinne a rá libh!

Fuaireas mo ghradam oíche Dé Luain ag ócáid sa Choláiste agus mé istigh ann dheineas cinneadh dul ar ais, b’fhéidir an bhliain seo chugainn!

Anois caithfidh mé é seo ar fad a rá le Rita!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland