An Ghaeilge ar an aer mar ábhar ag dhá thuairisc nua

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht -

Tá stádas na Gaeilge sa chóras craoltóireachta faoi chaibidil in dhá thuairisc éagsúla a foilsíodh le déanaí.

Is é an stáisiún Spin South West a dhéanann riar ar cheantar na Mumhan ina bhfuil Gaeltacht Chorcaí agus Chiarraí an cainéal raidió áitiúil leis an líon is mó uaireanta an chloig de chraoltóireacht Ghaeilge.

De réir thaighde an Dr John Walsh, an Dr Rosemary Day agus an Dr Philip Fogarty, tá an Ghaeilge imeallach ar sceidil na staisiún raidió áitiúil.

Deir staidéar eile a rinne Aontas Craoltóireachta na hEorpa go bhfuil plean RTÉ chun an Ghaeilge a chur chun cinn ‘thar fóir’ agus ‘róchostasach’ i gcomhréir leis an lucht éisteachta atá ag an teanga.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.