BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain.Spórt -

Tá sé déanta sa deireadh. An NuaShéalainn buailte ag foireann na hÉireann, sa bhaile, i mBaile Átha Cliath, den chéad uair riamh.

De ghnáth, bheadh rabhaidh agus foláirimh á dtabhairt agam faoi an iomarca muiníne a bheith againn as ár bhfoireann do na Sé Náisiún, agus ar ndóigh do Chorn an Domhain, ar fhaitíos go gcuirfeadh muid an iomarca gaoithe ina gcuid seolta, nó go gclisfeadh orthu. Peaca a bheadh ann gan ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht seo.

Táimid i ré rugbaí nár facthas riamh cheana. Níor éirigh le lucht na ngeansaithe dubha úd amháin féin a aimsiú. Agus rinneadh an obair ar fad in ainneoin nach raibh Conor Murray, Seán O’Brien, Dan Leavy ná Robbie Henshaw ar an bpáirc fiú.

Ceol U2 a bhí san aer ag an Aviva agus daoine ag ceiliúradh lá dár saol. Bhí an cluiche in Chicago in 2016 speisialta, ach tá an ceann seo difriúil. Chuir Steve Hansen foireann láidir chun páirce agus buaileadh iad.

An bhfuil Éire ábalta Corn an Domhain a thabhairt leo? Is í an cheist anois, cé a chuirfidh stop leo?

PIC: RAMSEY CARDY/SPORTSFILE

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.