Aontachtaithe ag éileamh cúnamh Breatimeachta ar Bhaile Átha Cliath
Tá ceannairí pobail agus gnó ón traidisiún aontachtach sa Tuaisceart ag éileamh cúnamh ó Rialtas Bhaile Átha Cliath chun dul i ngleic leis an mBreatimeacht, a nochtann Seachtain.
Tá na scórtha ionadaithe ó ghrúpaí ó thuaidh den teorainn tar éis cúnamh agus treoir a iarraidh ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an t-am ag druidim linn le haghaidh comhaontú faoin mBreatimeacht – nó easpa comhaontaithe.
D’fhoghlaim Seachtain go mbeidh leath de na comhlachtaí a ndéanfar ionadaíocht orthu ag comhdháil speisialta i gContae Dhún na nGall Dé hAoine beag seo faoi chúrsaí Breatimeachta ag teacht trasna na teorann.
Anuas air sin, tá go leor aontachtaithe ina measc siúd atá ag lorg treorach faoin gcuma a d’fhéadfadh a bheith ar Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Tá roinnt Airí Rialtais le freastal ar an gcomhdháil i Leitir Ceanainn, an tAire Gnó agus Teachta Dála teorann Heather Humphreys ina measc.
Agus an DUP ag cur i gcoinne chomhaontú Breatimeachta Theresa May, tá ceannairí gnó sa Tuaisceart – atá ag tacú leis an bplean – ina measc siúd a thrasnóidh an teorainn chun comhairle a fháil.
“Níl aon rialtas in Stormont agus tá ceannairí aontachtacha i gcoinne chomhaontú Breatimeachta an Phríomh-Aire, mar sin tá níos mó agus níos mó ceannairí pobail agus gnó i dTuaisceart Éireann ag cuardach tacaíochta agus comhairle ó Bhaile Átha Cliath,” a dúirt foinse amháin.
“Bhí níos mó ná 150 eagraíocht dhifriúil i dteagmháil le codanna éagsúla den Rialtas i mBaile Átha Cliath, tríd an Roinn Gnóthaí
Eachtracha den chuid is mó.
“Bhí an-rannpháirtíocht i gcomhdháil cosúil leis seo sna contaetha teorann anuraidh ach tá an rannpháirtíocht sin tar éis méadú go mór le cúpla seachtain anuas agus meastar go mbeidh a leath nó níos mó díobh siúd i nDún na nGall Dé hAoine ag teacht as Tuaisceart Éireann.”
Tá May i mbun an bhéil bháin sa Bhreatain agus súil aici dóthain Teachtaí Parlaiminte i bPáirtí an Lucht Oibre a mhealladh chun reibiliúnaigh Tóraí agus comhghuaillithe DUP a chur ar ceal nuair a bhíonn vóta i dTeach na dTeachtaí an mhí seo chugainn.
Thug sí dúshlán cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe, Jeremy Corbyn, freisin ag iarraidh díospóireacht teilifíse a bheith aici leis agus í ag súil go dtacóidh dóthain reibiliúnach óna pháirtí siúd le plean an Phríomh-Aire.
Dúirt an Rúnaí Breatimeachta nua, Steve Barclay, mar rabhadh freisin gurb é an comhaontú seo “an comhaontú is fearr agus an t-aon chomhaontú.”
OLLTOGHCHÁN
Ach tá súil ag Páirtí an Lucht Oibre vóta na dTeachtaí ar an mBreatimeacht a úsáid chun an Rialtas Caomhach a chur de dhroim seoil agus olltoghchán a chruthú.
Agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha eascairt as sin do Bhreatimeacht crua – seachas má thacaíonn Páirtí an Lucht Oibre leis an dara reifreann.