DÁITHÍ Ó SÉ: BÍM AG DUL AR AN SPÓRTLANN – AGUS IS FUATH LIOM É!
San eagrán seo beimid ag féachaint ar chúpla léamhthuiscint spéisiúil do lucht na Sraithe Sóisearaí – ceann ar an mblagálaí cáiliúil, Zoella, agus ceann eile ar an iománaí rathúil, Joe Canning. Anuas air sin, beimid ag féachaint ar ábhar atá an-tábhachtach do lucht na hArdteiste, is é sin, Córas na bPointí. Is topaic é seo a thagann aníos go minic sa scrúdú cainte, ar Pháipéar a hAon agus sa chluastuiscint. Ar deireadh, tabharfaimid spléachadh arís ar an saorbhriathar, atá éasca le húsáid ach an-éifeachtach san aiste nó sa díospóireacht. Tá súil againn go bhfuil tú réidh leis na hábhair spreagúla seo a phlé le do rang. Lydia agus Shane