DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: SPIORAD AN NÁISIÚIN
Beidh tionchar trom ag an spórt ar an alt an tseachtain seo. Measaim go bhfuil sé cloiste agat cheana féin faoin mac drabhlásach Mac Cárthaigh.
Bhí mé ag magadh cúpla seachtain ó shin go raibh an tír ar lúb, ach anois leis na díospóireachtaí faoi theorainn sa tuaisceart agus Mick mar an bainisteoir “nua” (an féidir linn an focal nua a úsáid anseo fiú?) tá imní orm go bhfuil muid inár gcónaí laistigh d’ionsamhlú ríomhaire.
Tá sé chomh maith agam an t-alt seo a tosnú le “Dea-Sheachtain: Comhaontú Aoine an Chéasta” agus leanúint orm amhail is gur fógraíodh díreach anois é ar na meáin.
An dtabharfadh duine ar bith faoi deara é fiú?
DROCHSHEACHTAIN: LUCHT LEANÚNA RUGBAÍ
Tá sé seo cosúil le scaradh a mhaireann i bhfad ró-fhada. Tá a fhios againn go bhfuil sé ag tarlú, ach ní mór dúinn neamhaird a dhéanamh dó agus leanúint ar aghaidh ar nós go bhfuil gach rud togha. Ach níl. Níl ar chor ar bith. Tá brón orm. Tá tocht ag teacht orm. Táim ag diúltú glacadh leis an nuacht go fóill. Sin toisc go bhfuil saol ann fós sa gcaidreamh gan dóchas seo.
Bhí amanna maithe againn, agus tá turas curtha in áirithe againn sa tSeapáin cheana féin - mar sin ba cheart dúinn na ticéidí a úsáid. Tá siad neamh-in-aisíoctha ar aon nós.
Nach cuma. Tá bainisteoir nua ar shaol spóirt na hÉireann, leis an méid a bhfuil muid ag íoc air, b’fhéidir gur féidir leis an bpost seo a ghlacadh freisin.