Seosamh Ó Cáinín
(Joe Canning)
Is iománaí cáiliúil agus rathúil é Joe Canning a rugadh i bPort Omna na Gaillimhe sa bhliain 1988. Deirtear go bhfuil sé ar dhuine de na hiománaithe is fearr i stair an chluiche. Is as teaghlach mór iománaíochta dó. D’imir a uncail ar son na Gaillimhe sna seascaidí, sna seachtóidí agus ag tús na n-ochtóidí. Tá cúigear deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Joe. D’imir a dheartháireacha agus a dheirfiúr iománaíocht freisin. Tá Joe ag imirt le foireann sinsir an chlub ó bhí sé cúig bliana déag d’aois. Tá cúig chraobh na Gaillimhe agus ceithre chraobh UileÉireann buaite aige le Port Omna. Bhí ról lárnach ag Joe sna buanna sin ar fad. Bhuaigh sé craobh amháin Uile-Éireann sa bhliain 2017. Bronnadh an teideal, Iománaí na Bliana, air an bhliain chéanna. Chomh maith leis na gradaim sin ar fad, tá cúig ghradam All-Star aige. Tá a lán buanna ag Joe mar iománaí. Tá sé an-láidir go deo. Tá sé an-sciliúil freisin. Tá cáil air as a chruinneas os comhair an chúil. Is féidir leis cúilíní agus cúil a aimsiú gan stró. Gné eile atá le feiceáil ina chuid imeartha anois ná a fhlaithiúlacht. Ní bhíonn sé santach leis an sliotar. Tugann sé an pas don imreoir ceart i gcónaí. Má bhíonn duine eile dá chomhimreoirí in áit níos fearr ná é, tugann Joe an pas dó. Is ceannaire iontach é. Tá Joe tríocha bliain d’aois i mbliana. Tuigeann sé go bhfuil sé ag dul in aois. Níl mórán blianta fágtha aige mar imreoir idirchontae. Tá Joe tar éis blaiseadh a fháil den saol taobh amuigh de chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael le cúpla bliain anuas. Is fear gnó anois é. Tá a chomhlacht camán féin aige. Is ambasadóir é le UNICEF Ireland. Ina ról mar ambasadóir, chuaigh sé go dtí an Tuirc agus go dtí an tSiria. Chuaigh na turais sin i bhfeidhm go mór air. Deir Joe go bhfuil an t-ádh dearg leis agus go bhfuil an-saol go deo aige in Éirinn.