Córas na bPointí: An Scrúdú Cainte
Seo roinnt ceisteanna a d’fhéadfadh teacht aníos sa scrúdú cainte. B’fhiú go mór iad a chleachtadh roimh ré. Téigh chun cainte anois le do chomhscoláire - duine díbh mar scrúdaitheoir agus an duine eile mar dhalta. Ba cheart go mbeadh freagra maith cuimsitheach agat ar gach ceann de na ceisteanna seo.
1. An bhfuil sé i gceist agat dul ar aghaidh go coláiste tríú leibhéal nó arbh fhearr leat rud éigin eile a dhéanamh tar éis na hArdteiste?
2. Cad ba mhaith leat a dhéanamh ar an ollscoil/sa choláiste tríú leibhéal?
3. Cé mhéad pointe a bheadh ag teastáil don chúrsa sin?
4. Meas tú an mbeidh na pointí níos airde i mbliana ná mar a bhí siad anuraidh don chúrsa sin?
5. Mura n-éiríonn leat an chéad rogha a fháil, cad a dhéanfaidh tú?
6. An dóigh leat go bhfuil an t-uafás brú ar dhaoine óga pointí arda a bhaint amach san Ardteist?
7. An dóigh leat go bhfuil an iomaíocht ag éirí níos géire in aghaidh na bliana?
8. Meas tú an gcruthaíonn córas na bpointí deacrachtaí meabhairshláinte i ndaoine óga?