An Saorbhriathar
Seo a leanas foirm an tsaorbhriathair de na briathra neamhrialta, sna haimsirí is coitianta. Is fiú iad a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus a úsáid sa scrúdú scríofa agus sa scrúdú cainte.
Ceacht - Cuir isteach an leagan ceart den saorbhriathar sna habairtí seo a leanas:
1. (Faigh) corp an fhir taobh amuigh den teach aréir. 2. Ní (ith) na ceapairí sin mar is minic a bhíonn siad lofa. 3. An (déan) an scrúdú sin Dé Máirt nó Dé Céadaoin seo chugainn?
4. (Bí) den tuairim inné go raibh an bua ag Seán. 5. (Beir) an leanbh arú inné.
6. (Abair) ag an am gur fear maith a bhí i Mícheál.
7. An (Bí) sásta le torthaí Ardteiste na bliana seo caite? 8. Níor (Tabhair) cic taobhlíne do Thiobraid Árann nuair a bhí ceann dlite dóibh.
9. (Tabhair) na scrúduithe ar ais amárach.
10. Meas tú an (tar) ar réiteach maidir leis an aighneas seo go deo?
Beidh freagraí na gceisteanna seo le feiceáil in eagrán na seachtaine seo chugainn. Seo thíos freagraí na seachtaine seo caite:
1. Briseadh
2. Ceannaíodh
3. Deiseofar
4. Ní chaithfear
5. Díolfar
6. Ní ghlantar
7. Tógtar
8. An gcríochnaítear