Sluamhaoiniú á lorg do scannán
Tá feachtas sluamhaoinithe tosnaithe ag léiritheoir Gaeltachta i Nua-Eabhrac ar son gearrscannán nua faoin saol osnádúrtha is teacht in aibíocht.
Scannán dhátheangach é ‘Tethered’ ina mbeidh go leor den chaint as Gaeilge, a dúirt an léiritheoir, Siobhán Ní Chíobháin.
Tá Siobhán lonnaithe i Nua-Eabhrac faoi láthair agus tá Stephen Lally, an stiúrthóir, lonnaithe i Londain.
“Is é €13,000 an sprioc atá againn is táimid ag súil é sin a bhailiú agus é a scannánú in Éirinn san athbhliain.”
Faoi láthair bíonn Siobhán ag múineadh ranganna Gaeilge san Úll Mór agus is í atá ar chúl an Pop Up Gaeltacht sa chathair.