Ócáid ómóis d’fhoilsitheoir clúiteach
Beidh clann is cairde an fhoilsitheora aitheanta Pádraig Ó Snodaigh ag teacht le chéile chun ómós a thabhairt do bhunaitheoir Coiscéim i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.
Tá an Ócáid á reáchtáil sa Siopa Leabhar ar a 4in Dé Sathairn. Tá an Snodach breis is leathchéad bliain ag foilsiú leabhair Ghaeilge agus na mílte teideal foilsithe aige.
Athair é le Rónán, Rossa agus Colm ón mbanna Kíla atá ag ceiliúradh 30 bliain ar an ardán an Nollaig seo.