Irish Independent - Seachtain

Cén fáth ar fuath liom an spórtlann?

- DÁITHÍ Ó SÉ

Táim anois ag dul go dtí an spórtlann áitiúil le dhá mhí agus sé an aidhm atá agam ná mo bholg nó an bolg a bhí agam a choimeád imithe. Níos éasca a rá ná a dhéanamh mise dá rá leat! Táim ag an bpointe anois má stopaim i gcomhair aon chúpla lá in aon chor ní bhíonn aon mhoill air teacht ar ais.

Le bheith fírinneach mar gheall air seo ar fad is fuath liom dul ann, éinne a léann an píosa seo i rith an tsamhraidh tá’s agaibh go mbím amuigh ar na bóithre ag siúl cúpla uair sa ló agus bainim taitneamh as, cé go mbíonn an chéad chúpla lá tuffálta ar na cnámha.

Ní dóibh liom go bhfuil sé nádúrtha a bheith istigh i seomra le daoine eile ag rith ar threalamh ná téann in aon áit agus is minic é seo ag dul trí mo cheann nach bhfuilim ag dul in aon áit tapaidh!

Seo an chéad seachtain go bhfuilim tar éis fáil bréan bailithe dó agus mé ag lorg aon leithscéal gan dul ann. Sí fírinne an scéil ná go bhfuilim tar éis blianta a thabhairt ag rá le daoine agus mé ar an dteilifís go bhfuil sé go maith sin duit a bheith aclaí agus a bheith ag ól uisce. Go mbraithfid­h tú níos fearr agus go mbeidh codladh na hoíche níos fearr agat agus ag deireadh an lae tá sé éasca a bheith ag caint ach rud eile é a dhéanamh!

Is cuimhin liom tráthnóna amháin istigh sa spórtlann, ní rabhas ag dul ann i bhfad ag an am agus bhí an fear seo ag siúl timpeall an tseomra le meáchain agus cheapas go raibh sé ag obair san áit mar go raibh sé ag tabhairt meáchan ó thaobh amháin go dtí an taobh eile don seomra.

Dúirt liom fhéin go bhfuil jab cruaidh aige seo agus sé an trua ná raibh éinne ann le cabhrú leis! Thuigeas ar deireadh cad a bhí ar siúl, bhí sé ag siúl timpeall i gciorcal agus na meáchain seo á n-ardú aige mar dhreas traenála. Bhí seans liom ná gcuas i gcabhair air!

Dúradh liom go mbeadh sé ar nós druga! Bhuel má tá sé sin fíor ní mór dom rud éigin níos láidre a fháil.

Níl aon dabht más ea gur druga atá ann do dhaoine. Chífeá na leaideanna seo agus iad mór láidir, ar nós leaideanna rugbaí an lae inniu agus ní foláir go dtugann siad cúpla uair an chloig ann gach lá.

Ach cad a tharlóidh nuair ná beidh siad in ann an méid seo a dhéanamh ann agus nuair a bheidh siad sean? An dtitfidh na matáin síos go dtí’n dtalamh orthu? Ní bheidh an fhadhb sin agamsa buíochas le Dia!

Ag deireadh an lae ní ach inspioráid amháin ag teastáil ó dhuine aon rud a dhéanamh agus má chím aon phioc dem bholg ag teacht amach tiomáinfid­h sin ar aghaidh mé!

 ??  ?? Nádúr: B’fhearr le Dáithí a bheith amuigh faoin aer!
Nádúr: B’fhearr le Dáithí a bheith amuigh faoin aer!
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland