COIMEÁD SÚIL AR
Liverpool vs PSG i Sraith na Seaimpíní
Tá Sraith na Seaimpíní ar ais agus anocht tá Liverpool ar cuairt ar Paris Saint-Germain. Fir Jürgen Klopp a ghnóthaigh an cluiche deiridh eatarthu ach bíodh sin mar atá, tá brú de chineál orthu anocht.
Tá siad i ngrúpa an-iomaíoch go deo agus níl idir barr agus íochtar an tábla ach dhá phointe. Bhain a dturas chuig Red Star stangadh astu, agus theastaigh bua ansin chun ceannasaíocht a ghlacadh ar an ngrúpa.
Mar atá a fhios againn, imríonn Liverpool go maith agus iad le balla agus bí cinnte go bhfuil cluiche maith os ár gcomhair anocht.