SCÉAL NA SEACHTAINE
Cén rath a bheidh ar Stephen Kenny agus ar Andy Farrell nuair a thabharfar na poist mhóra dóibh? Deirtear gur fada an t-achar seachtain sa pholaitíocht, ach is fada an dá bhliain amach romhainn don FAI. Tá cleachtadh ag Kenny ar choirn agus ar bharr an tábla le Dún Dealgan. A mhalairt atá os a chomhair leis an bhfoireann faoi 21.
Tógfaidh sé píosa air dul i dtaithí ar easpa sinsearachta, le foireann gan cháil, agus seachas an píosa a chaith sé in Albain, níl aon taithí idirnáisiúnta aige. Sin an chodarsnacht mhór leis an jab atá geallta do Farrell.
Tá an rugbaí in áit mhaith, agus is brú ann féin bainistiú a dhéanamh air sin agus gan na maidí a ligean le sruth. Tá sé de bhuntáiste ag Farrell go bhfuil taithí thar sáile aige, agus mar a chonaic muid ar an deireadh seachtaine, go bhfuil imreoirí ocracha sa gcampa.
A fhad agus atá an dúil sa ngeansaí i measc na foirne, beidh Andy Farrell ceart go leor. Braithfidh todhchaí Stephen Kenny, áfach, ar an n-éireoidh le Mick McCarthy an dúil chéanna a mhúscailt.