Irish Independent - Seachtain

Oidhreacht iontach fágtha ag Schmidt – agus an cinneadh ceart déanta

-

Ní raibh mórán iontais ar aon duine nuair a fógraíodh sa deireadh go mbeadh Joe Schmidt ag imeacht, agus creidim go bhfuil an cinneadh ceart déanta aige.

Deirtear go mbíonn cuimhne ar chóitseála­ithe mar gheall ar an méid a bhain siad amach, agus má fhágann siad foireann in áit mhaith agus iad ag siúl amach an doras. Cinnte, tá sin déanta ag Schmidt.

Tá coirn faighte aige, agus stair scríofa, ach an rud is tábhachtaí atá déanta aige ná múnla cóitseálai­the a chruthú, rud a chiallaíon­n go bhfuil cosán leagtha amach don chéad ghlúin eile. Tá Andy Farrell, Simon Easterby agus Leo Cullen ar fad ar an mbóthar sin de bharr Schmidt agus sin oidhreacht a mhairfidh i bhfad tar éis na ngaiscí éagsúla.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland