Géarcheím leathanbanda: líonra ESB ag teastáil ón Rialtas
D’fhéadfadh go n-iarrfadh an Rialtas ar Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB) cúnamh a thabhairt líonra tuaithe leathanbhanda a scaipeadh ar fud na tíre mar iarracht chun stop a chur leis na costais mhóra atá ag dul ó smacht.
Agus léirítear i bhfigiúirí nua a fuair Seachtaine nach bhfuil éileamh chomh mór sin ar naisc ardluais sna ceantair faoin tuath, beag beann ar a thabharfadh an lucht feachtasaíochta le fios.
Nochtaimid nár ghlac ach 15% de na húinéirí tí agus gnólachtaí leis na tseirbhís ar thairg Eir dóibh le 18 mí anuas.
Bhí sé sin ar cheann de na cúiseanna ar shocraigh Eir gan cur isteach ar chonradh an Rialtais chun nascadh le níos mó áitreabh fós.
Tá na figiúirí tar éis imní mhór a chruthú sa Rialtas atá faoi bhrú cheana féin faoi dhúnadh 159 oifig phoist ar fud an Stáit.
Creidtear go bhfuil leathanbhanda a chur ar fáil i ngach teach sa tír “riachtanach” chun na líomhaintí go bhfuil ag teip ar an Rialtas aire a thabhairt do mhuintir na tuaithe a bhréagnú.
Bhí conspóid faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda cheana féin agus cuireadh iallach ar Denis Naughten éirí as mar Aire Cumarsáide mar gheall ar an teagmháil a bhí aige leis an tairgeoir deiridh do chonradh an Rialtais.
Léiríodh nach ndearna an TD neamhspleách
aon cheo as bealach, ach tá brú mór ar an Rialtas anois mar gheall ar an gconspóid.
Tuigtear go dteastaíonn ó airí sinsearacha Fhine Gael cúpla cur chuige difriúil a scrúdú, an ESB a tharraingt isteach sa scéal ina measc, toisc go bhfuil ceangal ag an ESB le gach áitreabh sa Stát cheana féin.
Rogha eile ná breathnú ar na luasanna a chuirfeadh an ghlúin nua de naisc 5G ar fáil i gceantair thuaithe dá dtógfaí crainn fóin phóca bhreise.
Nascadh leathmhilliún áitreabh ó 2016 i leith – ach tá 540,000 áitreabh fós le dul.