An ócáid a thosnaíonn an Nollaig domsa

Irish Independent - Seachtain - - Nuacht - DÁITHÍ ÓSÉ

Tosnaíonn an Nollaig ag amanta difriúla do dhaoine difriúla, do ana-chuid anseo in Éirinn chomh luath agus a thagann Ryan Tubridy amach ina gheansaí Nollag bíonn an cluiche ar siúl.

Do dhaoine eile is dáta éigin a bhíonn i gceist ar nós an chéad lae de mhí na Nollag agus an 8ú a bhíonn ag a lán eile, ach domsa anois le cúpla bliain bíonn sé mar onóir agam na soilse a lasadh ar chrann Nollag Ospís na Gaillimhe agus cuireann sé seo tús leis an rud ar fad dúinne!

Is minic a chuireann daoine an ospís agus bás isteach sa bhád céanna agus chun an fhírinne a rá níor cheart é sin a dhéanamh. Cé go bhfuil a fhios ag na daoine seo cad a bhíonn ag teacht agus iad istigh ní minic a labhraíonn siad air, bhuel go hoscailte liomsa pé scéal é.

Is mó do chaint a bhíonn ar ghnáthchúrsaí an tsaoil. Sin ráite bíonn sé deacair ar an muintir atá acu agus iad ag féachaint air seo.

Deineann siad ócáid mhór dó agus bíonn cúpla céad duine ann, daoine a bhfuil duine éigin leo ann fé láthair agus daoine a raibh muintir leo ann uair amháin. Tagann daoine ar ais gach bliain agus iad ag cuimhneamh orthu siúd atá imithe.

Tá clann amháin a bhuaileann liom gach bliain agus beirt chailíní a chaill a máthair agus dúradar liom go mbaineann siad an oiread as a bheith ann ag an ócáid seo agus tá siad ag teacht le nach mór deich mbliana.

Bhí na cailíní seo óg nuair a bhuaileas leo an chéad uair. Bíonn na cailíní seo ag caint le daoine a chaill duine éigin le déanaí agus iad ar fad ag cabhrú le chéile ag an am deacair seo agus sin mar a oibríonn sé. Gach duine ag cabhrú le chéile! Sa searmanas fhéin bíonn cúpla paidir ann agus cuid mhaith amhráin Nollag agus óráidí agus nuair a bhíonn na soilse lasta bíonn tae ag gach éinne istigh.

Nuair a bhíonn tú istigh is féidir an crann lasta atá amuigh a fheiscint agus tá rud éigin speisialta fé seo, aríst ar ais go dtí na cailíní thuasluaite, feiceann siad beocht sa chrann agus anam ann chomh maith.

Rud ná tuigeann mórán b’fhéidir ná dá mbeadh an ceangal céanna agamsa leis an áit seo agus atá acusan go bhfeicfinn an bheocht chéanna!

Má bhíonn tú ag gabháil thar bráid agus má fheiceann tú an crann seo nó aon chrann eile atá lasta mar é bí ag cuimhneamh go mbíonn beocht sna háiteanna seo!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.