Irish Independent - Seachtain

Ná bí leisciúil

Conas a bhogaimid ár gcnámha?

-

Tá matáin ceangailte lenár gcnámha. Nuair a chrapann matáin, éiríonn siad níos giorra agus mar sin, bogann na cnámha. Lúb d’uillinn agus féach cad a tharlaíonn do na matáin atá idir do ghualainn agus d’uillinn. An éiríonn siad níos giorra agus níos raimhre? Tugaimid alt ar an áit a dtagann cnámha le chéile. Braitheann cruth an ailt ar an ngnó atá le déanamh aige. Tá alt bacánach sa ghlúin. Oibríonn sé ar nós inse an dorais. Gluaiseann sé siar agus chun tosaigh, ach ní ghluaisean­n sé ó thaobh go taobh. Cá bhfuil alt bacánach eile agat i do chorp? Tá alt sleamhnait­heach sa rúitín. Gluaiseann sé ó thaobh go taobh agus suas agus síos.

Tá alt úll agus cuas sa ghualainn agus sa chromán. Is féidir leis na cnámha gluaiseach­t treo ar bith, beagnach. Tá alt maighdeoga­ch sa mhuineál. Is féidir do chloigeann a chasadh agus a iompú. Tugaimid ballnaisc ar na cordaí láidre a nascann na cnámha le chéile ag na hailt. Is maith an rud é go bhfuil na ballnaisc seo agat - gan iad, thitfeadh do chos uait agus tú ag iarraidh liathróid a chiceáil. Gránna!!!

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland