Irish Independent - Seachtain

Fíricí Fónta

-

Tá níos mó cnámh ag páiste ná mar atá ag duine fásta. Tá 350 cnámh ag páiste. Nascann na cnámha le chéile nuair a bhíonn páiste ag fás. Faoin am a mbíonn tú fásta, ní bhíonn ach 206 cnámh agat.

Tá daoine ann a bhfuil níos mó ná 206 cnámh acu. Uaireanta, bíonn péire easna nó méar láimhe nó méar coise sa bhreis ag duine.

Is í cnámh na ceathrún an chnámh is mó sa chorp daonna; tá an chnámh is lú sa chluas.

Is féidir airde duine a thuar. Bain úsáid as miosúr chun an chnámh ceathrún a thomhas. Méadaigh an fad faoi cheathair. Bain triail as!

Nuair a bhriseann cnámh, cneasaíonn sí í féin. Cuireann dochtúir na píosaí briste ar ais san áit cheart agus fásann cnámh nua os cionn an bhriste. Tá an oiread céanna cnámh ag duine agus atá ag sioráf ina muineál. Ar ndóigh, tá cnámha an tsioráif níos faide. Gan chnámha, ní bheadh ionat ach meall putóg agus craicinn. Is ar éigean a bheifeá in ann bogadh.

Dhá chéad bliain ó shin, d’úsáid daoine gliú déanta as cnámha ainmhithe. Ghreamaigh siad troscán adhmaid le chéile leis an ngliú seo. Mheil siad na cnámha agus leáigh siad an púdar mín in uisce. Tá an oiread céanna cnámh ag duine agus atá ag sioráf ina muineál. Ar ndóigh, tá cnámha an tsioráif níos faide.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland