Smior an scéil
An bhfaca tú riamh madra ag déanamh iarracht an chuid taobh istigh de chnámh a ithe? Uaireanta bíonn poll i lár cnáimhe. Bíonn an poll seo lán le smior atá cosúil le glóthach dearg.
Is maith le madraí é. Déanann do chorp na cealla fola i smior na cnáimhe. Creid nó ná creid, déanann smior do chnáimhe 173 billiún cill fola gach lá!