Cnámh Bhriste

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain Óg -

Síos an cnoc le Seán ar a rothar. Bhí sé ag taisteal go tapa. Go tobann, sciorr sé. Rinne sé iarracht breith ar na coscáin. Theip air. Amach thar an rothar leis, ag seoladh tríd an aer. Síos leis go talamh - bhuail sé a chos go trom ar an mbóthar. Lig sé scread. Bhí drochphian ina chos. Bhí Seán tar éis cnámh a bhriseadh. Ach bhí an t-ádh leis nach raibh sé i bhfad ó bhaile agus go raibh a mham in ann teacht i gcabhair air.

Nuair a shroich siad an t-ospidéal, rinne an dochtúir mionscrúdú ar a chos. “Beidh x-gha ag teastáil,” arsa an dochtúir. Mhínigh sí do Sheán go bhfuil meaisín x-gha cosúil le ceamara. Baineann ceamara úsáid as solas chun pictiúr a thógáil; baineann an meaisín úsáid as x-ghathanna chun pictiúr a thógáil agus is féidir fiú briseadh nó scealp an-bheag a thabhairt faoi deara. Bhí cos Sheáin briste, thíos in aice leis an rúitín.

Chuir an dochtúir an chnámh ar ais san áit cheart agus chuir sí bindealán bog thart ar chos Sheáin. Ansin chuir sí bindealán crua plástair Pháras air. Choinnigh sé sin an chnámh socair ar feadh cúpla seachtain go dtí gur chneasaigh sí.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.