Cailciam + Aclaíocht = Cnámha láidre

Irish Independent - Seachtain - - Seachtain Óg -

Tá sé tábhachtach go bhfuil cnámha láidre sláintiúla againn. Tá cailciam ag teastáil le haghaidh seo. Is é an bealach is fearr chun cailciam a fháil ná bainne a ól. Féach ar Cháit Ní Chnámh anseo - is fuath léi bainne ach is breá léi cáis agus iógart, mar shampla, rudaí a bhfuil bainne iontu. Cad eile ba cheart di a ithe chun aire mhaith a thabhairt dá cnámha? Caithfidh tú do chuid alt a chorraí go rialta chun iad a choinneáil solúbtha (flexible). Ba cheart duit do ghéaga (limbs) a shíneadh chun do chorp a théamh sula dtosaíonn tú ag déanamh aclaíochta (exercise). Is fiú aclaíocht a dhéanamh a chuireann brú éadrom ar do chnámha chun meáchan a ghlacadh. Aclaíocht ar nós siúil, bogshodair, damhsa agus peile atá i gceist anseo mar nuair a bhíonn tú in airde ar do chosa an t-am ar fad, glacann do chnámha meáchan do choirp agus cruthaíonn sé cealla breise. Mar sin, bíonn do chnámha níos láidre. Má dhéanann tú aclaíocht ceithre huaire sa tseachtain ar a laghad, ní bheidh fadhbanna agat le do chorp nuair a bheidh tú níos sine. Gníomhaíocht

Scríobh cuntas i do dhialann, ar feadh seachtaine, gach uair a dhéanann tú aclaíocht. Ná déan dearmad go mbíonn tú ag déanamh aclaíochta nuair a shiúlann tú ar scoil nó chuig an siopa.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.