Irish Independent - Seachtain

BUAICPHOIN­TE NA SEACHTAINE

- PIC: STEPHEN MCCARTHY / UEFA VIA SPORTSFILE

Ní mórán ama a bhí ag Mick McCarthy anáil a tharraingt sa bpost nua agus cluichí á socrú do na Craobhchom­órtais Eorpacha.

Cé gur dóigh gur thit an lug ar an lag ar go leor nuair a fógraíodh go mbeadh muid sa ngrúpa céanna leis an Danmhairg (arís!) dúirt McCarthy gur mhothaigh sé go raibh grúpa réasúnta aige.

Ciallaíonn an tarraingt, agus cluichí in aghaidh na Seoirsia agus Ghiobrálta­r go mbeidh daoine ag súil le sé phointe ón gcéad dá chluiche sa Márta, agus ciallaíonn sé chomh maith go bhfuil brú ar an bhfoireann bainistíoc­hta nua cheana féin. Is ar éigean go raibh an fhoireann ag feidhmiú le bliain agus in ainneoin an méid dóchais atá aige, go poiblí ar aon chuma, tá jab ollmhór os a chomhair in iarracht athshlánú a dhéanamh orthu.

Má bhíonn sciorta beag den ádh air, mar a bhí air sa tarraingt nuair a tógadh amach ó chontúirt na Gearmáine agus na hÍsiltíre é, tá seans go n-éireoidh leis.

Má éiríonn leis, b’fhéidir go dtosódh muidne ag mothú beagán níos fearr faoin liúradh a thug an Danmhairg dúinn anuraidh.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland