Téann TG4 ar líne le seirbhís úr

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

Bhí an iliomad carachtar agus réaltaí teilifíse, raidió agus cluichíochta i láthair le haghaidh sheoladh sheirbhís nua TG4 ‘Bloc TV’ an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath.

Seirbhís ar líne amháin é Bloc TV a dhíríonn ar an aos óg, déagóirí agus daoine sna 20idí, le hábhar ar leith ar nós léirmheasanna ar chluichí X Box, PlayStation agus eile mar aon le ceol nuaaimseartha, scannáin agus gníomhaíochtaí eachtrúla eile.

Beidh díospóireachtaí ann freisin faoi chonspóidí a gcuirfeadh déagóirí spéis ann. Faoi láthair tá go leor ag blagáil faoi dhaoine a chuireann drugaí i ndeochanna.

Ní hamháin go bhfuil Bloc ar Facebook ach is féidir teacht ar an tseirbhís ar Twitter, Instagram, YouTube, IGTV agus ar an gcóras cluichíochta Twitch.

Is féidir breathnú air lá i ndiaidh lae go bhfeicfear na scéalta is mó le rá ó dhaoine cumasacha nua ar fud na tíre faoi réimsí éagsúla ábhar, mar shampla ceisteanna sóisialta, siamsaíocht, taisteal agus eile.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.