Amhras faoi stádas na Gaeilge san Ardteist
Tá amhras ag dul i dtreise go bhféadfadh stádas na Gaeilge mar ábhar riachtanach teacht faoi ionsaí arís.
Tá athbhreithniú ar tí tosú faoi shiollabas na hArdteistiméireachta agus i measc na roghanna atá á bplé ag an Roinn Oideachais tá go mbeadh deireadh le riachtanas Gaeilge, Béarla agus Matamaitice.
Ní mór do lucht na teanga teacht le chéile chun an fód a sheasamh in aghaidh ísliú stádais, atá ceannairí oideachais tar éis a rá.