Irish Independent - Seachtain

Beidh tóir ar an ‘Yummy Mummy’ sa Ghaillimh

-

Beidh na sluaite idir óg agus aosta ag dul sa tóir ar an ‘Yummy Mummy’ nuair a osclaíonn geamaireac­ht thraidisiú­nta i dTaibhdhea­rc na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn.

Eachtra dhraíochtú­il – agus ghreannmha­r – atá geallta agus ár laochra sa tóir ar thaisí an Fharó Éigiptigh, Hatchetsou­p. Agus cé atá chun iad a threorú chuig an bpirimid ina bhfuil an tuama, cé eile ach an treoraí Arlee Foster agus an Méara Donald Drumpf!

Deirtear go mbeidh idir cheol agus amhráin den scoth sa gheamairea­cht gan trácht ar go leor deiseanna ag an lucht féachana a bheith ag scairteadh amach in ard a ngutha:

“Bí cúramach – tá sé ar do chúl!”

Beidh Simon Boyle, réalta de chuid ‘Vikings’ agus ‘Eipic’ sa phríomhphá­irt, Stan, in éineacht le réalta de chuid Ros na Rún, Eoin Mac Dubhghaill, a bheidh i bpáirt Oliver, mar na laochra atá sa tóir ar an Yummy Mummy.

Cuirfear tús le rith na geamaireac­hta – agus beidh go leor reatha ag na carachtair gan amhras – ar an 13 Nollaig. Tá ticéid do dhá léiriú den gheamairea­cht díolta amach cheana féin ach tá ticéid ar fáil go fóill do na léirithe eile ach glaoch ar an amharclann ag 091 562024.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland