Irish Independent - Seachtain

Ag ullmhú don scrúdú - na pictiúir

Molaimid go laDhrófa san Aimsir Ahaite agus na pictiúir á Dplé agat. Is fiú na hainmneach­a céanna a úsáid sna pictiúir uile ionas nach ndéanfaidh tú dearmad orthu. Molaimid Laoise agus Liam a úsáid chun fadhDanna gramadaí a sheachaint.

-

An chéad phictiúr

Dé hAoine a bhí ann. Bhí Laoise agus Liam ag déanamh a gcuid obair bhaile sa seomra suí. Bhí tuirse an domhain orthu mar go raiDh seachtain an-fhada acu ar scoil. Ar a cúig a chlog, thosaigh siad ar an aiste Bhéarla a bhí le déanamh acu. Bhí siad compordach agus te teolaí.

An dara pictiúr

Ar leathuair tar éis a cúig, bhuail fón Laoise. Lean Liam air ag oDair a fhad agus a Dhí Laoise ag caint lena cara, Niamh. Thug Niamh cuireadh do Laoise agus do Liam Dualadh léi ag an bpictiúrla­nn chun an scannán nua ‘Bee Movie’ a fheiceáil. Ar ndóigh, Dhí sceitimíní an domhain ar Laoise agus theastaigh uaithi dul láithreach.

An tríú pictiúr

Bhí fadhb bheag ann, áfach. Bhí Liam agus Laoise sa bhaile leo féin. Mar sin, Dheartaigh Laoise ríomhphost a sheoladh chuig a máthair ag insint di go raiDh sí chun dul go dtí an phictiúrla­nn le Liam agus le Niamh. D’inis sí dá máthair go mbeadh an scannán ag tosú ar a hocht a chlog agus go mDeidís ar ais sa Dhaile ar a deich. Bhí go leor airgid acu dul go bialann roimh ré. Bhí áthas an domhain orthu gan aon agó!

An ceathrú pictiúr

Tar éis dóibh dul go bialann álainn sa chathair chuaigh Liam, Laoise agus Niamh go dtí an phictiúrla­nn mhór ar Shráid Uí Chonaill. Bhí siad sona sásta, lán go béal agus iad ag tnúth go mór leis an scannán. Aheannaigh siad grán rósta, milseáin agus deoch blasta. Nach orthu a bhí an t-ádh? Bhí oíche den scoth acu agus Dhain siad an-sult go deo as an scannán.

Gníomhaíoc­htaí

Leis an duine in aice leat, lig ort gur tusa an scrúdaithe­oir. Éist

le do chara ag déanamh cur síos ar an gcéad phictiúr. Ansin malartaigh don dara pictiúr. Ansin malartaigh don tríú pictiúr... Lig ort gur Laoise thú; scríobh cuntas dialainne tar éis duit filleadh ón Dpictiúrla­nn.

Lig ort gur Liam thú; scríobh léirmheas don iris scoile ar scannán ar Dith a chonaic tú.

An chéad phictiúr

Dé hAoine a bhí ann agus bhí áthas an domhain ar Laoise go raibh an deireadh seachtaine tagtha! Bhí seachtain an-ghnóthach go deo ar scoil aici agus bhí sí spíonta. Bhí sí léi féin sa bhaile um thráthnóna toisc go ndeachaigh a tuismitheo­irí go dtí an phictiúrla­nn tar éis dinnéir. Bhí sí an-sásta a bheith léi féin. Go tobann, chuala sí cnag ar an doras. Nuair a d’fhreagair sí é, cé a bhí ann ach Liam? Mian a croí! Ba bheag nár thit Laoise i laige. Bhí sí i ngrá leis ón gcéad Dhliain agus Dhí sé ina sheasamh ansin ag an doras os a comhair amach!

An dara pictiúr

Ar ndóigh, chuir Laoise fáilte is fiche roimhe. Thug sí isteach sa seomra suí é agus thug sí gloine oráiste dó. Bhí a croí ina béal aici. Nach é a Dhí dathúil, é dorcha agus ard! Shuigh sé síos agus lean sé air ag caint ar feadh tamaill. Ansin, dúirt sé léi go raiDh sé ag cuimhneamh ar dhul go dioscó áitiúil ar a naoi a chlog agus thug sé cuireadh di dul leis. Níor chreid Laoise é! Bhí sí chomh sásta le diúc! Ba léir gur thaitin sí leis agus go raibh sé ag iarraidh í a thabhairt amach. Bhí fonn uirthi dul gan aon agó!

An tríú pictiúr

Bhí fadhb bheag amháin ag Laoise, faraor. Bhí a tuismitheo­irí as baile. Bhí siad imithe go dtí an phictiúrla­nn don tráthnóna. Mhínigh sí sin do Liam. Dúirt sé léi gan a bheith buartha. Mhol sé di nóta a scríoDh agus é a fhágáil ar an mDord sa seomra suí dá tuismitheo­irí ionas go mDeadh a fhios acu go raiDh sí imithe leis go dtí an dioscó.

An ceathrú pictiúr

Cheap Laoise gur plean iontach a bhí ann! Scríobh sí nóta go sciobtha agus chabhraigh Liam léi é a chur le chéile. Bhí sí sona sásta agus cheap sí go mDeadh a tuismitheo­irí tuisceanac­h go leor. Ar deireadh, d’fhág sí le Liam, an bheirt acu gléasta go snasta agus réidh an oíche ar fad a chaitheamh ag damhsa!

Gníomhaíoc­htaí

Leis an duine in aice leat, lig ort gur tusa an scrúdaithe­oir. Éist

le do chara ag déanamh cur síos ar an gcéad chuid dá shraith pictiúr. Ansin, malartaigh an ról.

Lig ort gur Laoise thú; scríobh an nóta a d’fhág sí dá tuismitheo­irí.

Lig ort gur Liam thú; scríobh téacsteach­taireacht chuig Laoise tar éis an dioscó.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland