Léamh eile: An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin
Téigh go https://www.tg4.ie/ga/foghlaim/ danta/an-tearrach-thiar/ an-tearrach-thiar-le-mairtin-odireain/
Féach ar an bhfíseán den aisteoir cáiliúil, Macdara Ó Fathartha, ag aithris an dáin. Ansin, bain triail as an dán a rá os ard tú féin agus an físeán á sheinm agat. Déan iarracht na fuaimeanna céanna a úsáid. Cuimhnigh gur fiú 35 marc sa scrúdú cainte an léamh filíochta. Is fiú go mór cleachtadh a dhéanamh ar do chuid foghraíochta go rialta.
Anois, féach ar phróifíl an fhile, Máirtín Ó Direáin, agus freagair na ceisteanna seo a leanas:
1. Cá háit ar rugadh Máirtín Ó Direáin agus cén bhliain ar rugadh é?
2. Cé mhéad duine a bhí sa chlann?
3. Cathain a d’éag athair Mháirtín? Conas a mhothaigh sé faoin mbás sin?
4. Cad a theastaigh uaidh a dhéanamh mar phost? Cad a chuir stop lena phlean?
5. Cá háit ar oibrigh sé?
6. Cén caitheamh aimsire a bhí aige i nGaillimh?
7. Cathain a bhog sé go Baile Átha Cliath?
8. Cén aois a bhí sé nuair a thosaigh sé ag cumadh filíochta?
9. Céard a bronnadh air dá chuid filíochta?
10. Cé a phós sé agus cén t-ainm a bhí ar iníon Mháirtín?