Irish Independent - Seachtain

Ré láidir sa rugbaí – ach na Laighnigh fós ag seasamh amach

-

Idir cúrsaí peile anseo agus thar lear, agus muid fós ag ceiliúradh an bhua stairiúil in aghaidh na Nua-Shéalainne, ní mórán airde a bhí againn ar an rugbaí ar an deireadh seachtaine, cé go raibh na cúigí ar fad ag imirt.

Bhí an bua ag gach cúige, ach an rud is suntasaí ná go bhfuil na Laighnigh anois scanrúil don té a bheidh ag dul ina n-aghaidh. Ní raibh ceachtar dá gcuid réalta móra ag imirt, ach ina ainneoin sin, fuair siad naoi n-úd, as baile, in aghaidh Dragons.

Ach an oiread leis an bhfoireann atá ag Joe Schmidt, níl aon easpa comórtais ag cur as do Leo Cullen, agus an dara foireann ag fáil torthaí maithe chomh maith.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland