‘Oibríonn turasóireacht teanga’: Nollaig ghnóthach ag óstán TG4
Tá an fhoireann in óstán álainn thar a bheith cruógach ag plé le custaiméirí Gaeilge – mar gheall ar an gclú agus cáil a tharraing clár teilifíse ar an óstán.
Tá Gaeilgeoirí as fud fad na hÉireann ag teacht ina sluaite le bualadh leis an bhfoireann in Óstán agus Spá an Shandon i dtuaisceart Dhún na nGall.
Bhí rath iontach ar chlár faisnéise ar an láthair ar TG4, An Shandon.
Dhá mhí ó shin thuairiscíomar go raibh úinéir an óstáin, a rugadh i Sasana, bródúil go raibh a chinneadh an t-óstán a athoscailt ag cabhrú leis an nGaeilge a athnuachan go háitiúil.
Agus deir bainisteoir ginearálta an tsó-óstáin i nDún Fionnachaidh, Carolynne Harrison, go bhfuil an tsraith ag cabhrú le hioncam an óstáin de bharr na gcuairteoirí breise atá ag teacht anois go tuaisceart Thír Chonaill, agus slua breá Gaeilgeoirí ina measc.
“Tá sé ar dóigh; léiríonn sé go soiléir go n-oibríonn turasóireacht teanga agus ní raibh muid ag súil leis,” a dúirt Carolynne.
“Is as an cheantar go leor dár bhfoireann agus is cainteoirí dúchais Gaeilge go leor díobh, mar sin bíonn idir Ghaeilge agus Bhéarla san óstán i gcónaí agus sin a spreag spéis an chomhlachta léiriúcháin teilifíse.
“Tá cuid mhaith den fhoireann cáiliúil anois mar gheall ar an tsraith agus bíonn go leor dár gcuairteoirí ag teacht agus ag iarraidh bualadh le daoine faoi leith ar fhoireann an Shandon, ar nós chócaire an bhricfeasta Bernie agus an phríomhchócaire Josie.
SPRAOI
“Tá an-spraoi leis ar fad, agus feicimid go leor de na custaiméirí nua as achan chearn d’Éirinn, thuaidh agus theas, a bhfuil cúpla focal acu agus atá ag iarraidh comhrá a dhéanamh i nGaeilge agus is breá leo labhairt leis an fhoireann a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Tá cainteoirí Gaeilge ag teacht as Baile Átha Cliath, Port Láirge, Ciarraí fiú.”
Deir Carolynne go bhfuil sí ag súil le córas a thabhairt isteach ina mbeidh an Fáinne ar chomhaltaí
foirne a bhfuil Gaeilge acu, a léireoidh go héasca do na cuairteoirí cé leis a labhróidís Gaeilge.
“Bhí an freagra ar an chlár dochreidte. Bhí sé ar dóigh don fhoireann ar fad,” a dúirt sí.
“Is cinnte gur mhéadaigh sé an líon áirithintí as seo go ceann cúpla mí atá ar dóigh, ní hamháin dúinne in Óstán agus Spá an Shandon, ach don cheantar seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin mar go bhfuil poist turasóireachta ag cuidiú leis an gheilleagar áitiúil a spreagadh.”
Dúirt Carolynne go bhfuil an t-óstán ag plé an dara sraith a dhéanamh.
“D’éirigh thar cionn leis an chéad sraith ar TG4 mar sin cá bhfios cad é a tharlóidh anois. Pléadh é (an dara sraith) ach níor socraíodh a dhath fós.
Táimid fós ag baint súp as an chéad sraith mar sin fanfaimid agus feicfimid,” a dúirt sí mar fhocal scoir.