SCÉAL NA SEACHTAINE

Irish Independent - Seachtain - - Sport -

Is iomaí uair é cloiste againn faoin áit speisialta atá ag an gcumann áitiúil i gcroíthe CLG, ach leis an mbéim a chuirtear ar chluichí contae, tá sé éasca dearmad a dhéanamh air sin.

Sin go dtí le coicís, agus cumainn bheaga le croíthe móra á gcur féin chun cinn. Gaoth Dobhair, pobal beag i nGaeltacht Dhún na nGall, ag tabhairt leo craobh Uladh den chéad uair riamh, mná Mhainistir na Móna a ghnóthaigh craobh na hÉireann agus Mullach na Leachta atá fós ag ceiliúradh, agus fáthach mór Bhaile Átha Cliath, Cill Mochuda na Crócaigh, buailte acu.

Céard atá comónta? Pobail bheaga, ídithe. Is minic gurb é CLG an tsreang a choinníonn na pobail seo le chéile. Meallann na cluichí daoine óga fanacht chun imirt, nó filleadh go rialta.

Tugann na cluichí deis don phobal cruinniú le chéile agus tacú lena gcairde agus muintir.

Sa lá atá inniu ann, tá an nasc seo níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh, agus ba cheart gach a dhéanamh chun cumainn bheaga a chosaint agus a thabhairt chun cinn. Is iad a choinneoidh cuisle na tíre ag bualadh.

PIC: DAIRE BRENNAN/SPORTSFILE

Bua: Patrick Fox ó Mhullach na Leachta ag ceiliúradh i ndiadh an chluiche ceannais.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.