Slua-mhaoiniú: €11k geallta do Shíomha

Irish Independent - Seachtain - - Front Page -

Tá dul chun cinn iontach á dhéanamh ag an gceoltóir Síomha ina feachtas chun a halbam a shlua-mhaoiniú. Tá an t-amhránaí ag obair leis an léiritheoir clúiteach Tyler Duncan, a d’oibrigh roimhe seo le healaíontóirí éagsúla a thuill moladh na léirmheastóirí, ar nós Vulfpeck, May Erelwine agus Theo Katzman. Chun an t-albam a chur i gcrích, caithfidh sí €18,500 a bhailiú – agus go dtí seo tá suim ollmhór €11,000 tiomsaithe aici. Tá dóchas láidir go mbeidh an t-albam á fhoilsiú le linn 2019. Beidh Síomha, a sheinneann a ceol comhaimseartha féin, ar an ardán sa Chultúrlann i mBéal Feirste oíche Dé Sathairn.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.