Irish Independent - Seachtain

An Nollaig

-

Téigh chuig https://www.tg4.ie/ga/foghlaim/ceachtanna/an-nollaig/

Sula bhféachfai­dh tú ar an réamhobair, pléigh na ceisteanna seo a leanas leis an dalta in aice leat.

• An bhfuil tú ag súil leis an Nollaig?

• Céard iad na bronntanai­s atá uait don Nollaig?

• Céard iad na bronntanai­s a cheannóidh tú do do chairde agus do do theaghlach?

• An bhfuil brú ag baint leis an Nollaig, an gceapann tú?

• Céard iad na gnéithe is fearr leat faoin Nollaig?

Anois, déan Líon na bearnaí (c) agus Meaitseáil (d) sa réamhobair. Féach ar Mhír a hAon agus freagair na ceisteanna seo a leanas:

1. Cén t-am den bhliain a bhíonn brú aisteach ar dhaoine, dar le Róisín?

2. Cé mhéad airgid a chaitheann an bhean ar a clann?

3. Cé mhéad airgid a chaitheann an bhean ar a cairde?

4. An bhfuil a chuid siopadóire­achta déanta ag an bhfear go fóill?

5. Cé aige a bhfuil an buiséad don Nollaig, dar leis an bhfear? Anois, féach ar Mhír a Dó. Éist leis an agallamh seo go cúramach agus freagair na ceisteanna (A) a leanann an mhír. Seiceáil do chuid freagraí.

Ina dhiaidh sin ar fad, léigh an léamhthuis­cint seo a leanas faoin Nollaig agus freagair na ceisteanna a ghabhann léi.

Caitríona is ainm dom. Táim cúig bliana déag d’aois agus táim sa tríú bliain. Tá cónaí orm i gCaisleán an Bharraigh le mo mháthair agus le mo thriúr deartháire­acha, Seán, Pól agus Tomás. Is mise an duine is sine sa chlann. Bíonn a lán spraoi ag baint leis an Nollaig ach bíonn an-bhrú ann chomh maith. Is breá leis na buachaillí an Nollaig. Tá siad ar fad fós sa bhunscoil; Seán i rang a sé, Pól i rang a ceathair agus Tomás sna naonáin mhóra. Bíonn an-sceitimíní orthu ag fanacht ar theacht Dhaidí na Nollag agus bíonn sé deacair smacht a choinneáil orthu scaití! Déanaim iarracht cabhrú le mo mháthair an oiread agus is féidir liom. Oibríonn mo mháthair mar altra san Ospidéal Ginearálta i gCaisleán an Bharraigh agus is minic a bhíonn sí ag obair chomh fada le hOíche Nollag féin. Mar sin, tugann sí liosta na mbronntana­s dom mar aon le buiséad agus téim isteach go dtí an baile mór chun na breagáin, cluichí agus trealamh spóirt a cheannach ar a son. Bíonn sé deacair uaireanta mar is minic nach mbíonn an rud a theastaíon­n ó na páistí ar fáil nó go mbíonn sé díolta amach. Oibrím go páirtaimse­artha gach Satharn i gcaifé sa bhaile mór agus úsáidim an t-airgead a fhaighim chun bronntanas deas a cheannach do mo mham. I mbliana, cheannaigh mé buidéal álainn cumhráin Chanel di. Beidh gliondar ar a croí nuair a fheicfidh sí é! Gach Oíche Nollag, téimid go teach mo mhamó i mBéal Átha na Muice agus caithimid cúpla oíche ann. Téimid ar Aifreann Oíche Nollag agus ar Lá Nollag féin. Bíonn an-chraic againn ag oscailt na mbronntana­s maidin Nollag. Dúisíonn na buachaillí an-luath go deo! Déanann mo mham dinnéar na Nollag agus sin é an rud is fearr liom féin faoin lá. Is breá liom an turcaí, na prátaí agus an mhilseog ina dhiaidh sin. Bím lán go béal ag deireadh an lae. Tagann mo chol ceathracha ar cuairt an tráthnóna sin de ghnáth agus imrímid cluichí leo. Bíonn sé go hiontach. I mbliana, ba bhreá liom éadaí nua a fháil mar bhronntana­s nó dearbhán chun dul ag siopadóire­acht. Braithim go mbíonn daoine óga ar chomhaois liom ag súil leis an iomarca aimsir na Nollag. Tá mo chuid cairde uile ag súil le I-Fón nua nó taibléad den chéad scoth. Tar éis dom an tsiopadóir­eacht a dhéanamh do mo mham i mbliana, feicim an costas agus an brú atá ar thuismithe­oirí na laethanta seo. Dá mbeadh ar mo chairde a bheith ag obair cosúil liomsa, bheadh port eile acu! (They would change their tune/They would be less demanding!) Ceisteanna

1. Cá bhfuil cónaí ar Chaitríona?

2. Cé atá i dteaghlach Chaitríona?

3. Cá háit a n-oibríonn máthair Chaitríona? Cén post atá aici?

4. Céard a dhéanann Caitríona chun cabhrú lena máthair?

5. Cá dtéann Caitríona agus a teaghlach um Nollaig?

6. Cad é an rud is fearr le Caitríona faoin Nollaig?

7. Cén bronntanas ba mhaith le Caitríona don Nollaig?

8. Céard a cheapann Caitríona faoina cairde?

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland