Cén bhliain í seo?
Nuair a éisteann tú leis an raidió nó nuair a fheiceann tú póstaeir do cheolchoirmeacha a bheidh ar siúl in 2019, ní cheapfá gur sa bhliain 2018 atá tú ag maireachtáil in aon chor.
Cúpla seachtain ó shin, léigh tú anseo faoi Westlife a bheith ag teacht le chéile arís chun turas ceoil a dhéanamh. Tá Take
That ar ais ar an mbóthar freisin. Ach ní ar an taobh seo den domhan amháin atá an athbheochan cheoil seo ag tarlú. Tá sé fógartha freisin go bhfuil Bon Jovi ag tabhairt faoi thuras domhanda chomh maith.
Bhuel, níl aon deireadh leis. Fógraíodh le déanaí go mbeidh The Spice Girls le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh i mí na Bealtaine 2019. Ach ní bheidh na cailíní go léir ann. Caithfidh an banna ceoil maireachtáil gan Posh
Spice, Victoria Beckham. Bean ghnóthach is ea Victoria le triúr clainne agus an gnó faisin, Victoria Beckham, aici. Déarfainn go mbíonn sí gnóthach ag freastal ar ócáidí éagsúla lena fear céile, David Beckham, freisin. Fógraíodh ansin go raibh The Backstreet Boys ag teacht le chéile arís freisin. Níl aon deireadh leis, mise á rá leat! Beidh siad sa 3Arena i mBaile Átha Cliath ar an 11 Meitheamh 2019. Ní turas Eorpach atá ar siúl acu ach turas domhanda dar teideal, DNA. Eiseofar an deichiú halbam leo i mí Eanáir ach, idir an dá linn, is féidir éisteacht lena n-amhrán nua, Chances, a scríobh Ryan Tedder agus Shawn Mendes dóibh.
Braithim an-óg arís agus mé ag éisteacht leis an gceol seo ar an raidió arís!