Irish Independent - Seachtain

Capall Adhmaid na Traí

-

Mhair rí sa Ghréig san am fadó. Meanalás an t-ainm a bhí air. Bhí bean chéile fhíorálain­n aige. Héilin ab ainm di. Bhí cónaí orthu i gcathair Sparta na Gréige. Bhí cathair eile - cathair na Traí - gar go maith dá gcathair féin. Cathair mhór ab ea í ach bhí sí suite trasna na farraige ón nGréig.

Lá amháin, chuaigh Páras, mac le rí na Traí, ar cuairt chuig an nGréig. Ghabh Páras Héilin álainn agus thug sé abhaile leis í go dtí a chathair féin. Bhí an-fhearg go deo ar Mheanalás. Chuimhnigh sé ar phlean chun Héilin a thabhairt abhaile arís. An plean a bhí aige ná a arm a chruinniú le chéile agus ionsaí a dhéanamh ar chathair na Traí. Chroch siad na seolta agus ar aghaidh leis an arm trasna na farraige go Traí. Bhain siad an chathair amach ach bhí ballaí móra láidre tógtha timpeall na cathrach chun í a chosaint. Níor éirigh leis na Gréigigh ballaí na cathrach a leagan. Is iomaí bealach a thriail siad le dul isteach sa chathair ach theip orthu gach babhta. Ansin, roghnaigh na Gréigigh an saighdiúir ab fhearr a bhí acu. Aichill ab ainm dó. Bhí sé ina cheannaire ar arm na nGréagach. Eachtar an t-ainm a bhí ar an saighdiúir ab fhearr in arm na Traí. Ba dheartháir le Páras é. Cuireadh Eachtar i gceannas ar arm na Traí. Throid an dá arm in aghaidh a chéile agus lean an cogadh ar aghaidh ar feadh deich mbliana. Ach, ar deireadh, mharaigh Aichill Eachtar i lár catha. Ansin, cheangail sé corp Eachtair dá charbad agus tharraing sé é mórthimpea­ll bhallaí na Traí. Ach, níos déanaí, rinne Páras saighead a scaoileadh le hAichill. Ghoin an tsaighead sa tsáil é agus fuair Aichill bás. Bhí ag teip ar na Gréagaigh Traí a ghabháil go fóill. Cheap siad go mbeadh orthu filleadh abhaile gan an dea-thoradh a bheith faighte acu. Ach, ansin, smaoinigh Odaiséas ar phlean glic. Bhí go leor oibre ag baint leis an bplean, áfach! Rinne na Gréagaigh capall mór millteach as adhmad ach bhí bolg folamh ann. Chuaigh tríocha saighdiúir i bhfolach i mbolg an chapaill. Lig an chuid eile den arm orthu go raibh siad ag filleadh abhaile chuig an Rí Meanalás. Sular fhill siad, d’fhág siad an capall adhmaid ar an trá, lasmuigh de bhallaí na cathrach. D’inis siad do mhuintir na Traí gur bronntanas a bhí sa chapall. Leag muintir na Traí ballaí na cathrach chun an capall adhmaid a thabhairt isteach. Bhí féasta ar siúl sa Traí an oíche sin mar cheiliúrad­h ar bhua an chatha. Ach, i lár na hoíche, dhreap na saighdiúir­í amach as an gcapall agus chuir siad an chathair trí thine. Mharaigh siad Páras agus scrios siad an chathair. Bhí an bua faighte ag na Gréagaigh ar deireadh thiar.

Sáil Aichill

Nuair a bhí Aichill ina leanbh, thum a mháthair é isteach san abhainn dhraíochta, an Stiocs. Chosain draíocht na habhann ar ghonta é as sin amach. Ach bhí greim coimeádta ag máthair Aichill ar a sháil nuair a thum sí san abhainn é. Mar sin, is sa tsáil amháin a bheadh aon duine in ann é a ghoin as sin amach.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland