Nósanna na Nollag in Éirinn: mar a bhí agus mar atá
Is minic daoine a bheith ag tabhairt amach faoi shéasúr na Nollag anois. Deirtear go dtosaíonn sé a luaithe agus a bhíonn Oíche Shamhna curtha dínn againn. Deirtear chomh maith go dtosaítear ag ullmhú don Nollaig níos luaithe gach uile bhliain. Ní mar sin a bhíodh sé, a deirtear. N’fheadar an bhfuil sin fíor.
Séasúr ar leith a bhí i dtréimhse na Nollag in Éirinn riamh anall. Tosaíodh ar na hullmhúcháin i bhfad roimh an 25 Nollaig. Bhíodh na cácaí Nollag agus na maróga ar fad á mbácáil sa bhaile i bhfad roimh ré. Bhíodh an t-am ag teastáil chun go mbeadh na cístí ar fad sách aibí le go mbeadh blas álainn uathu Lá Nollag. Tosaíodh ar an obair sin ar fad geall le sé seachtaine nó mar sin roimh Lá Nollag féin.
Tá roinnt mhaith nósanna a bhíodh againn in Éirinn imithe i léig le tamall de bhlianta anuas agus tá nósanna eile tagtha isteach ina n-áit nó tagtha isteach beag beann ar a bhfuil imithe rompu. Nós amháin atá imithe i léig is ea lá mór na siopadóireachta ar an 8 Nollag, Lá Ghiniúint Mhuire gan Smál. Féile na hEaglaise Caitlicí atá ann agus, tráth dá raibh, bhíodh na scoileanna ar fad dúnta agus thagadh muintir na tuaithe isteach go cathracha móra na tíre, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach, don lá chun an tsiopadóireacht a dhéanamh don Nollaig. Lá speisialta a bhíodh ann sna cathracha seo ar fad. Lá an-ghnóthach a bhíodh ann. Théadh daoine ar Aifreann ar maidin agus ansin bhíodh greim le hithe acu agus chaithidís an lá i mbun siopadóireachta. Bhíodh na cathracha plódaithe an lá céanna. Bhíodh na maisiúcháin crochta agus bhíodh amhráin na Nollag á gcanadh go tiubh te ag na cóir, a bhíodh ag canadh ar mhaithe le carthanachtaí éagsúla. Ar ndóigh, tarlaíonn na himeachtaí seo ar fad i gcónaí ach ar laethanta eile anois níos giorra do Lá Nollag féin. Gnáthlá oibre agus siopadóireachta atá san 8 Nollaig anois.
Nós eile a bhíodh an-láidir ar fad ná an choinneal a bheith lasta i bhfuinneog thosaigh an tí. Bhí tábhacht shiombalach ag baint leis an nós seo. Tugadh le fios leis an gcoinneal lasta go mbeadh fáilte roimh an Teaghlach Naofa agus roimh strainséirí agus daoine a bhí ar an ngannchuid agus nach mbeadh dídean acu don tráthnóna. Bhain IarUachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, leas as an nós seo i dtús na nóchaidí nuair a d’fhógair sí go lasfaí coinneal mhór in Áras an Uachtaráin i gcuimhne ar na hÉireannaigh sin ar fad a bhí imithe ar imirce agus nach mbeadh ar ais sa bhaile aimsir na Nollag. Lasadh coinneal in Áras an Uachtaráin ’chuile Nollaig ó shin.
Tá athruithe beaga tagtha ar nósanna itheacháin mhuintir na hÉireann ar Lá Nollag. Cé go bhfuil an turcaí stuáilte agus an liamhás i dteannta prátaí, bachlóga Bruiséile, súlach, cairéid is araile, fós á n-ithe ag cuid mhaith daoine, tá saghsanna éagsúla feola eile tagtha isteach agus á n-ithe ag muintir na hÉireann anois. Is breá le daoine áirithe lacha a bheith acu Lá Nollag mar shampla. Cloistear go n-itheann daoine eile sicín chomh maith. Agus ar ndóigh, iad siúd atá ina bhfeoilséantóirí nó ina veigeáin, cloíonn siad sin leis an ngnáthaiste bia atá acu.
Nós eile atá ag dul i léig, a deirtear, ná nós Nollaig na mBan, an séú lá de mhí Eanáir. Ba é seo an lá deiridh de shéasúr na Nollag, go traidisiúnta. Thógtaí anuas na maisiúcháin Nollag. Thógtaí anuas an crann Nollag. Ghlantaí an teach i gceart tar éis imeachtaí na Nollag. Ní bhíodh ar mhná an tí aon obair d’aon saghas a dhéanamh an lá seo. Dhéanadh na fir obair an tí agus an chócaireacht. N’fheadar an gcloítear a thuilleadh leis an traidisiún áirithe seo ar iliomad cúiseanna. Tá nós eile imithe i léig go mór le fiche bliain anuas nó mar sin agus ní dhéantar mórán tráchta air - seoladh na gcártaí Nollag. Chaití uaireanta an chloig ag scríobh cartaí Nollag chuig cairde agus gaolta. Bhíodh tábhacht ar leith ag baint leis na cartaí a sheoltaí ag gaolta agus ag cairde a bhíodh ina gcónaí thar lear. Sular tháinig ann don idirlíon agus nuair a bhíodh glaonna gutháin idirnáisiúnta thar a bheith costasach, ba mhinic gurbh é an cárta Nollag an príomhbhealach a gheobhadh daoine nuacht a chéile. Ba mhaisiúchán Nollag iad na cártaí céanna chomh maith. Chrochtaí na cártaí Nollag a thiocfadh isteach sa teach in áiteanna áirithe sa chistin, sa seomra suí agus timpeall an tí i gcoitinne. Ní scríobhtar an oiread cártaí Nollag anois le hais mar a scríobhtaí mar gheall ar na modhanna cumarsáide a bheith chomh hiontach sin anois againn. Is fusa i bhfad anois teagmháil a dhéanamh le daoine láithreach ná mar a bhí na blianta ó shin.
Gluais
séasúr na Nollag = the season of Christmas sách aibí = ripe/mature enough geall le = nearly i léig = into decline beag beann ar = having little regard for
Lá Ghiniúint Mhuire Gan Smál = the Feast of the Immaculate Conception tráth dá raibh = at one time go tiubh te = incessantly tábhacht shiombalach = symbolic importance ar an ngannchuid = in straitened circumstances stuáilte = stuffed feoilséantóirí = vegetarians n’fheadar an gcloítear a thuilleadh = one wonders if this is still adhered to sular tháinig ann don idirlíon = before the advent of the internet le hais mar a scríobhtaí = compared to what used to be written
Ceisteanna
1. Cathain a thosaíonn tréimhse na Nollag gach bliain?
2. Cad atá tar éis tarlú do chuid de nósanna na Nollag?
3. Cad a tharlaíodh in Éirinn ar Lá Ghiniúint Mhuire gan Smál?
4. Cén teachtaireacht a thugtar leis an gcoinneal lasta in Áras an Uachtaráin?
5. Déan cur síos ar dhá athrú atá tar éis tarlú in Éirinn ó thaobh nósanna itheacháin de.
6. Cad a tharlaíodh ar Nollaig na mBan in Éirinn?
7. Cén nós mór eile atá imithe i léig in Éirinn, dar leis an alt deireanach?
8. Aimsigh trí shampla de bhriathra san Aimsir Ghnáthchaite ón sliocht thuas.
Gníomhaíocht Chainte
Leis an duine in aice leat, pléigh na nósanna Nollag atá agat i do theaghlach féin. An bhfuil aon seantraidisiún agaibh?