Irish Independent - Seachtain

DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEAC­HTAIN LE CHRIS GREENE

-

DEA-SHEACHTAIN: FEIRMEOIRÍ CANNABAIS

Tá sé deacair nuair a bhíonn sraith scileanna agat nach bhfuil oiriúnach in áit ar bith. Samhlaigh cé chomh tógtha a bheidh tú má tá talamh feirmeoire­achta agat agus an t-eolas sonrach chun cannabas a fhás.

Tá súil ag an Aire Sláinte reachtaíoc­ht nua a chur i bhfeidhm in 2019 chun cannabas a dhlisteanú le haghaidh úsáid mhíochaine, rud a d’fhéadfadh an t-éileamh ollmhór a mhéadú. De réir suirbhé ar an lucht vótála, tá tacaíocht 81% ag an moladh.

Más garraíodói­r thú, ba mhaith liom comhairle a chur ort teach gloine a cheannach roimh an ardú. Tá súil agam go gcoinneoid­h na siopaí siabhráin a dtrealamh. Beidh siad gnóthach arís go luath.

DROCHSHEAC­HTAIN: JAY Z

Ní théann aon ghníomh maith gan phionós. Sílim go raibh an rún is fearr ag Jay Z s’againne ach is tubaiste iomlán é seo.

Cosúil le go leor daoine cáiliúla, tá gné dhaonchair­diúil ag Jay Z (táim cinnte nach bhfuil aon nasc le poiblíocht anseo, go gcrosa Dia) agus mar gheall air seo chuir sé córas scoláireac­hta ollscoile ar bun.

Mar fhear Chonamara, is breá liom trácht ar bith ar dheontas, ach nílim ró-tógtha leis an gceann seo. Fógraíodh an tseachtain seo caite áfach i roinnt den 255 scoláireac­ht nach bhfuil an méid mór a dhóthain chun na leabhair riachtanac­ha ar fad a cheannach fiú. Thug an scoláireac­ht seo $407,250 do 255 dalta, sin $1,597 ar an meán do gach duine. Le meánchosta­s de thríocha míle in aghaidh na bliana ar an ollscoil i Meiriceá tá beagán le dul aige fós.

Tá an deontas asail níos fearr. Ba chóir dó iad siúd a thabhairt amach ina ionad.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland